30 August 2018

20/08/2018 - Ag eirí as.

Phléas an scéal le Joanne (An Bas) aréir, agus táimid in aon comhairle fén scéal.
Más rud é go gcaithfead fanacht go dtí Dé Céadaoin nú Déardaoin leis an lainseáil, agus más rud é go bhfuil seans mór go mbeidh fadhbanna móra agam le déanamh uisce agus cá bhfios cén rudaí eile - tá seans mór ann go mbead ceangailte leis an mbád an t-am ar fad go mbead ag filleadh ar ais ag obair.
Ní bheinn ábalta aimsir a chaitheamh leis na buachaillí sa seachtain deireanach na laethanta saoire agus seans maith nach mbeimid ábalta úsáid a bhaint as an mbád ar aon nós.
Bhíos an-dóchasach go mbeadh mé in ann an bád a cuir ar an uisce an tsamhraidh seo, ach is cosúil gur theip orm.
Ach ar a laghad tá súil agam go mbead ábalta é sin a dhéanamh i mí Deiridh Fómhar dá mbeidh aimsir oiriúnach againn.
Le croí trom, ghlanas suas den uair deireanach agus chaitheas roinnt buicéad sáile isteach sa bhád mar aguisín. B'fhéidir go súfaidh an t-adhmad suas an uisce thar na chéad cúpla sheachtain eile, agus beidh na plainc ata sara fhillfead ar ais. B'fhéidir. 😑

No comments:

Post a Comment