08 August 2018

08/08/2018 - Na leictreachaí

Bhíos ag imirt "Leictreoir" inniu!
Tar éis na míonna fada ag léamh agus ag athléamh an lámhleabhar agus ag cuir na mílte ceisteanna ar mo chomhghleacaithe ar an long, bhí uair na cinniúna tagtha.
Dheineas an taobh deimhneach ar dtús. Ón gceallra go dtí an lasc agus as sin go dtí an teirminéal ar an mótar dúisithe, ach cén teirminéal, bhí dhá cheann ann? Ní rabhas cinnte fé seo ar aon chor ach chuireas ar an gceann leis an gcaipín rubair air, le dóchas i mo chroí.



Agus ansin an taobh diúltach, bhíos réasúnta muiníneach fén taobh seo. Ón gceallra suas go dtí an lasc agus as sin go dtí bolta ar bun an mótar dúisithe féin.


Gan a bheith cinnte in aon chor, leanas ar aghaidh leis an rudaí beaga eile ach ansin tháinig cuairteoir éagsúil isteach sa bhothán. Níor chonac roimh ré é, ach dúirt sé liom gur chonaic sé mo bhád cheanna agus é ag obair sa chlós agus bhí sé fiosrach conas a bhí ag éirí liom. "Cén sórt obair atá á dhéanamh agat sa chlós?" a d'fhiafraigh mé de. "Is leictreoir mé agus táim ag déanamh an sreangú ar an Ilen." a d'fhreagair sé. "Oh wow!" a dúras ansin "An féidir leat féachaint ar seo ar feadh meandar? Agus do thaispeáineas an mótar dúisithe do agus dúirt sé go díreach go raibh an sreang deimhneach ceangailte leis an teirminéal mícheart.
Bhí an t-ádh dearg orm ansin - a leithéid de comhtharlú!


An chéad rud eile ná an pumpa ruma a shreangú.
Tá trí mhodh ar an gcaidéal ruma seo - múchta, ar siúl agus uathoibríoch. Do bhí an léaráid den sreangú beagáinín casta, ach cheapas go raibh sé ceart agam, ach nuair a chasas an lasc thart thosnaigh sé ag pumpáil go díreach chomh luath agus a bhrúigh mé an cnaipe uathoibríoch. OK, fadhb ar bith, mhalartaigh mé dhá sreang ar an lasc agus bhí gach rud i gceart - measaim.
Agus ansin an painéal le feistiú.
Tá sé ina bpraiseach anseo, ach ní foláir dom é a choimeád tirim sa bhád.
Agus ansin bhí sé in am an lasc a chaitheamh thart - agus creid é nú ná chreid bhí solas ar an bpainéal.
Bhí a fhios agam go raibh sé dainséarach (le haghaidh an caidéal tiomána insan inneall) ach bhí mo fhiosracht ag fáil an lámh in uachtar orm, d'oscail mé an luamhán comhbhrú agus bhrúigh mé ar an cnaipe "START" ar an bpainéal.
Cad a tharla ach d'iompaigh an inneall thart chomh réidh le aon rud!
Níor fhágas é ach ar feadh soicind amháin, ionas nach ndéanfad aon dochar, ach bhíos sona sásta gur oibrigh sé ar an gcéad thriail.


Lá fada, lán le strus mothúchánach, ach braithim i bhfad níos fearr ina dhiaidh.



No comments:

Post a Comment