14 March 2021

11-12/03/2021 - An ciumhas tosaigh arís agus ag marcáil na cúrsaí

Leis an mbun déanta, d'fhilleas ar ais ag an mbanda neartaithe ar an ciumhas tosaigh. Bhí an sraith greamanna ar an taobh istigh fós le déanamh, agus thóg sé san cúpla oíche le déanamh freisin.


Ach leis san, do bhí sé in am na cúrsaí a mharcáil amach.
Ní bheidh ach dhá chúrsa ar an tseil so, agus chinneas an chéad ceann a chuir 90cm os cionn an taca, agus an tarna ceann a chuir 90cm os cionn san.
Ach táim ag cuir an cluaisín an chéad cúrsa 95cm on cionn an cluaisín, agus cluaisín an tarna chúrsa 95cm os cionn san.
Dá bhrí san, athróidh cruth an tseoil beagánaín leis na cúrsaí istigh.





Agus san déanta, ghlacas an deis an tseol a thomhas.
Tá fhioa agam go bhfuil sé so beagán garbh, ach tá 17 cearnóg cothrom le 6.12m².
Tá sé san (nach mór go díreach) trian den tseol mór.



No comments:

Post a Comment