14 March 2021

07-11/03/2021 - Bun an tseoil

So an banda neartaithe deireanach, ar an íochtar seoil.


Do bhí sé soiléir bun láithreach nach raibh an náprún cóir in aon chor, cé go raibh an banda gearrtha amach agam réasúnta cóir.
Chinneas gan an ciumhas mí-chóir a leanúint, chun cruth an tseoil a cheartú.



Leis an gcéad sraith greamanna déantá ag an mbun, bhíos beagán buartha fé neart an tseoil.


Tá bearnaí ann idir bun an banda, agus bun na painéil cearta.
Ceapaim go chuirfead banda caol eile (ar an ndeasbórd, an taobh ceart) leana neartú, ach ní díreach anois.

Leis sin, leanas ar aghaidh leis an sraith greamanna ag barr an banda.







No comments:

Post a Comment