06 March 2021

04/03/2021 - Castacht eile

 Bhíos ag fuáil liom féin inniu, ag éisteach leis an rédíó, mar is gnáthach...


...agus go tobann rith smaoineamh liom - níl na bandaí neartaithe gearrtha go díreach. Tá cruth cuar ortha, mar a chéile le cruth ciumhais an tseoil, agus dá bhrí sin ni bheinn ábalta na bandaí eile a chuir ar an taobh eile.

Chuireas an obair síos láthaireach le fáil amach an rabhas ceart...


...agus bhí!
Má chuirim an banda so ar an deasbhoird, beadh na fáithimí ar an taobh amuigh.
Mar sin, ní foláir dom gach banda neartaithe a chuir ar an clébhoird, ach fós is féidir liom na preabáín a chuir ar an deasbhoird.

No comments:

Post a Comment