28 April 2021

27-28/04/2021 - Nithe timpeall an crann, an seol tosaigh 7 cléataí.

Cé go bhfuil mé ar snámh arís, nílim réidh chun dul ar an bhfarraige fós, agus cinnte ná fuilim réidh chun seol a chrochadh.

Tá sé deacair le creidiúint, ach tá díreach dhá bhliain thart ónar dheineas an dá scriú stainge so le mo chara Andy Towers. Tá an-chuid tar éis titim amach idir an dá linn.
Mar san féin, chuaigh siad isteach go breá éasca, agus níor thóg sé a lán ama an barra adhmaid a dhéanamh agus a fheistiú.


Sin déanta, bhí sé in am na bacáin ceangal a fheistiú.
Tá sé ríthábhachtach go mbeidh na poill so díreach ceartingearach. Más rud é go mbeidís ag aon uillinn eile bheadh cuma uafásach ar an mbád ar fad. Ag smaoineamh ar so, ghearras poill ceartingearacha tríd píosa adhmad fuinseoige leis an ndruilire colúin chun é a úsáid mar threoraí.
Bhíos beagáinín neirbhíseach ar dtús, ach d'éirigh go maith liom leis an gcéad ceann, agus ina dhiaidh san laghdaigh an teannas.

Tar éis gach úsáid, d'éirigh an treoraí ní ba scaoilte beagán ar bheagán. Bhí ceithre pholl de déanamh agam, agus déarfainn nach mbeadh aon maitheas sa threoraí le haghaidh níos mó ná san.

Anois bhíos réidh leis na seolta a chrochadh, ach bhí sé gaofar go leor agus ní rabhas sásta ach an seol cinn a ardú.
Bhíos ag tnúth le seo - tar éis an méid ama a chaitheas ag obair ar na seolta, bhíos ar bís fáil amach an mbeidís ceart, nú an mbeidís ina bpraiseach. Is cosúil go raibh muintir an clós fiosrach fúthu freisin.

Agus mar sin bhí an seol cinn crochta.
Conas a bhí sé?
Bhuel, níl sé ina bpraiseach, ach níl sé ceart ach an oiread.
Tá an ciumhais tosaigh beagáinín ró-fhada. Ní thig liom é a tharraingt teann. D'fhéadfainn an crann a tharrac siar beagáinín chun é seo a réitiú, ag laghdú an ráca, ach táim ag súil go shínfeadh an seol thar am, agus n'fheadar an oibreoidh an réitiú so fad téarmach.
Chomh maith leis sin, tá an seol ró-bheag! Ba cheart go mbeadh an ciumhais deiridh cuid maith ní ba fhaide, agus an bun beagán ní ba fhaide dá bhrí sin.
Ach níl sé seo ró-dhona. Feidhmeoidh an seol cuimseach maith mar atá. Is léir go bhfuil sé réasúnta láidir ar a laghad, agus b'fhéidir go mbeinn ábalta é a úsáid mar eiteagán nú jib tosaigh sa todhchaí.
Is dóigh liom go bhfuil an nath cainte Béarla an-oiriúnach sa chás so "I don't like the cut of your jib", ach mar sin féin, bé sé ceart go leor.

An chéad rud eile le déanamh ná na cléataí an seol cinn. Ní rabhas cinnte cá chuirfinn iad go dtí go raibh an seol crochta.


Bhí orm píosaí de na tacaithe an tafta a bhaint. Do bhí siad ag teacht salach ar na cléataí, agus ní siad tábhachtach anois agus na cnaíocha feistithe.


 

No comments:

Post a Comment