15 March 2016

11/03/2016 - An tarna chuid den chéad stráca

Plánáil, plánáil, plánáil ar maidin. Tá sé sórt aisteach uirlis dearadh chun dromchla cothrom a dhéanamh a úsáid chun dromchla cuartha a dhéanamh. Ach mar sin féin sin a bhí á dhéanamh agam!
An aidhm a bhí agam ná plánáil síos go dtí an líne agus an líne a ghearradh de, ach na poill beaga óna tairní a fhágáil. Chomh maith le sin cuar réidh mín a fháil.

Níos mó ná sin, mhol siad dom garbhphlána (plána an-fhada) a úsáid.
Níl garbhphlána agam féin, mar sin bhí orm ceann ón gclós a úsáid. D'aimsigh mé ceann ach bhí sé maol. Chaitheas tamall maith ag cuir faobhar géar ar an iarann agus ina dhiaidh sin ghearr sé go deas.

Sin déanta (chomh maith agus ab fhéidir liom), lean mé ar aghaidh leis an spiling i gcomhar an tarna chuid den stráca. Bhí Liam gnóthach cuid maith den lae agus dá bhrí sin bhíos ag obair i m'aonar ar feadh tréimhsí fada; ó am go chéile bhíos beagáinín neamhchinnte agus bhí orm triall roinnt rudaí as cúpla uair, ach ag an deiridh bhí cruth an stráca leagtha amach agam.
Ag cuir an spiling batten suas ar na frámaí.
Ag marcáil an fad céanna ag gach fráma síos ón gcaolach.

An caolach leathan (spiling batten) marcáilte amach.

An caolach leathan leagtha amach ar an gclár Dhúghlais.

Ag aistriú na marcanna ón gcaolach go dtí an clár le tairní.

Ag leagaint amach an caolach líneála idir na marcanna.


Ag aistriú na toisí ón bhFionn suas ón gcaolach líneála.

Ag leagaint an caolach líneála ar na toisí chun an taobh eile a líneáil amach.

Mhol Liam dom leithead breise a fhágáil ar an bplanc ionas go féidir linn é a fheistiú cothrom agus cóir leis an gcéad phíosa. Scríobh mé líne eile comhthreomhar agus orlach amháin ó bun an planc.

Agus ghearras amach é.

Agus arís leis an bplána, ach an uair seo ní raibh an méid céanna breise ón líne.
Beagnach ann.
Ina dhiaidh sin, bhí roinnt eile ullmhú le déanamh ar na frámaí agus ansin bhí sé in am an planc a chuir suas le feiscint conas a bhí sé.







Dul chun cinn.






10 March 2016

10/03/2016 - Ag tosnú ar an gcéad stráca.

Bhíos ag fáil réidh leis an gcéad planc, nó stráca inniu.
Ar dtús bhí orm leithead na strácaí ar an bhFionn a thomhas agus iad a thaifead.
Ina dhiaidh sin, beagáinín obair eile le déanamh ar an rabóid.


Ina dhiaidh sin bhí píosa beag fairing nó dubbing le déanamh ar na frámaí. Sé sin le rá a bheith cinnte go bhfuil gach éadan de na frámaí cothrom agus ceart chun an planc a thógáil.
Toisc go raibh siad feistithe go maith, ní raibh a lán le déanamh.





Ansin thaispeáin Liam roinnt beag draíocht dom - bhuel cleas deas ar aon nós - spiling atá tugtar air.
Fuair sé cúpla chaolach leathan (spiling battens) agus thairneáil sé don bád iad. Ansin thomhas sé síos an fad céanna ó gach eang ar gach fráma agus mharcáil sé ar an gcaolach iad.
Ansin bhain sé na caolaigh den bád agus thairneáil sé do clár adhmad iad.
Ansin bhuail sé tairní eile tríd na marcanna ar na caolaigh chun an clár a mharcáil. Sin déanta bhain sé na caolaigh den clár.






Sin déanta fuair sé caolach fíor-chaol (marking batten) agus thairneáil sé é in aice leis na marcanna ar an gclár. Leis sin, síos leis an bpeann luaithe.
Suas ón líne sin mharcáil mé mo thoisí ón bhFionn agus ansin síos leis an gcaolach agus an peann luaithe arís.
Amach leis an sábh ciorclach ansin.


Bhí sé tábhachtach gan dul thar an líne ach ag an am céanna má fhágann tú an iomad breise beidh an iomad plánáil le déanamh.


Agus ar ais ag plánáil arís.





09/03/2016 - Ag iompair adhmad

Leis an bhfrámáil beagnach críochnaithe tá sé in am smaoineamh anois ar an bplancáil.
Ní raibh sé in intinn agam dul go dtí an clós inniu ach d'iarr Liam ar John teacht chuig mo bhaile chun cupla clár Dhúghlais a tabhairt ar ais go dtí an clós. Chabhraigh mé leis iad a lámhseáil.

Tá na cláir triomaithe go deas, gan an iomad fadhbtanna.






08/03/2016 - An fráma breise agus ag boltáil an transam.


D'fhéach mé ar an bhfráma sin ar maidin, píosa breise greamaithe leis agus chinn mé nach mbeinn sásta leis. Ní mór dom ceann nua a dhéanamh,
D'úsáid mé an ceann a bhí beagnach ceart mar mhúnla nó deilbh i gcomhar an ceann nua - seachas an píosa ag an mbarr a bhí mícheart!
Phéinteáil mé an fráma inniu agus beidh sé deas tirim nuair a bhead ag obair air arú amárach. Tá súil agam nach mbeidh a lán feistiú le déanamh toisc go bhfuil an cruth tógtha ó gceann a d'fheistigh mé cheanna




An chéad rud eile le déanamh inniu ná an taobh atá déanta a bholtáil leis an dtransam.
Níl ach ceithre bolta 80mm fágtha agam. Ordóidh mé tuilleadh amárach.



Bhí sé deacair na boltaí seo a bhádh san adhmad i gceart - i ndáiríre bhí siad ró-ghearr leis an jab. Bhí orm iad a bhádh ar an dá thaobh agus mar gheall ar an gclaon ar an dtransam bhí sé casta. Táim cinnte gur bhádh mé ró-dhomhain iad. 





Bhí na boltaí ag pointe ar an slí mícheart chomh maith, ach ní raibh an tarna rogha agam.


07/03/2016 - An fráma breise

Chaith mé cuid maith den maidin ag feistiú an fráma damanta sin!Ag an deiridh thugas fé deara nach h-oibreoidh sé go deo na ndeor. Ghearras an píosa i gcruth mícheart. Mhol Liam ding a chuir isteach sa bhearna agus dheinas é sin - ach ní rabhas ró-chinte fé.


D'úsáid mé Sikaflex chun iad a ghliúáil le chéile.
Beidh sé cruaithe amárach.



Sin déanta, thosnaigh mé ar an dtaobh clébhoird. Ní dhéanfad an botún céanna arís!
Tá an píosa seo gearertha as píosa adhmad le snaithe fíor díreach. Tá súil agam go mbeidh sé ceart go leor.






04/03/2016 - Urlár i gcomhar u.1 agus fráma u.21!

Chomharlaigh Liam dom urlár a dhéanamh i gcomhar fráma u.1. Nílim cinnte cén fáth - níl urláir ar na cinn eile ag fráma a h-aon. B'fhéidir go bhfuil sé buartha fé rud éigin mícheart in dtosach mo bháid?
Bhí orm dealbh a dhéanamh de ar dtús, rud nach ndearna mé fós go pointe seo. Tar éis tamall ag iomrascáil leis d'éirigh liom é a dhéanamh. Ansin ghearras amach an urlár, pé mar ba ghnáthach.

An rud ba dheacra leis ná na poill a ghearradh ar son na boltaí. Bhí sé an-chúng ag obair ann.
Agus é fásctha le chéíle tháirnáil mé an fráma go léir don chnaí tosaigh  le tairnaí 3 orlach ar fad.

Ansin mhól Liam dom fráma breise a dhéanamh le dhul in aice leis an dtransam. Dar leis ní chaithfaidh sé a bheith láidir agus ní chaithfaidh an snaithe a bheith foirfe, níl sé ach chun na tairnaí a ghlacadh in aice leis an dtransam. Tá fráma bréige cosúil le seo ar roinnt de na geáil, ach níl ar roinnt eile. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil sé ag teastáil i gcás amháin agus níl i gcás eile.
Bhí sweep amháin fágtha agam. Ní raibh an adhmad ró-mhaith, ach cheapas go mbeadh sé ceart go leor ar son an fráma seo.

A lán feistiú le déanamh - ach sin jab don márach.