10 March 2016

08/03/2016 - An fráma breise agus ag boltáil an transam.


D'fhéach mé ar an bhfráma sin ar maidin, píosa breise greamaithe leis agus chinn mé nach mbeinn sásta leis. Ní mór dom ceann nua a dhéanamh,
D'úsáid mé an ceann a bhí beagnach ceart mar mhúnla nó deilbh i gcomhar an ceann nua - seachas an píosa ag an mbarr a bhí mícheart!
Phéinteáil mé an fráma inniu agus beidh sé deas tirim nuair a bhead ag obair air arú amárach. Tá súil agam nach mbeidh a lán feistiú le déanamh toisc go bhfuil an cruth tógtha ó gceann a d'fheistigh mé cheanna




An chéad rud eile le déanamh inniu ná an taobh atá déanta a bholtáil leis an dtransam.
Níl ach ceithre bolta 80mm fágtha agam. Ordóidh mé tuilleadh amárach.



Bhí sé deacair na boltaí seo a bhádh san adhmad i gceart - i ndáiríre bhí siad ró-ghearr leis an jab. Bhí orm iad a bhádh ar an dá thaobh agus mar gheall ar an gclaon ar an dtransam bhí sé casta. Táim cinnte gur bhádh mé ró-dhomhain iad. 





Bhí na boltaí ag pointe ar an slí mícheart chomh maith, ach ní raibh an tarna rogha agam.


No comments:

Post a Comment