10 March 2016

04/03/2016 - Urlár i gcomhar u.1 agus fráma u.21!

Chomharlaigh Liam dom urlár a dhéanamh i gcomhar fráma u.1. Nílim cinnte cén fáth - níl urláir ar na cinn eile ag fráma a h-aon. B'fhéidir go bhfuil sé buartha fé rud éigin mícheart in dtosach mo bháid?
Bhí orm dealbh a dhéanamh de ar dtús, rud nach ndearna mé fós go pointe seo. Tar éis tamall ag iomrascáil leis d'éirigh liom é a dhéanamh. Ansin ghearras amach an urlár, pé mar ba ghnáthach.

An rud ba dheacra leis ná na poill a ghearradh ar son na boltaí. Bhí sé an-chúng ag obair ann.
Agus é fásctha le chéíle tháirnáil mé an fráma go léir don chnaí tosaigh  le tairnaí 3 orlach ar fad.

Ansin mhól Liam dom fráma breise a dhéanamh le dhul in aice leis an dtransam. Dar leis ní chaithfaidh sé a bheith láidir agus ní chaithfaidh an snaithe a bheith foirfe, níl sé ach chun na tairnaí a ghlacadh in aice leis an dtransam. Tá fráma bréige cosúil le seo ar roinnt de na geáil, ach níl ar roinnt eile. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil sé ag teastáil i gcás amháin agus níl i gcás eile.
Bhí sweep amháin fágtha agam. Ní raibh an adhmad ró-mhaith, ach cheapas go mbeadh sé ceart go leor ar son an fráma seo.

A lán feistiú le déanamh - ach sin jab don márach.

No comments:

Post a Comment