10 March 2016

10/03/2016 - Ag tosnú ar an gcéad stráca.

Bhíos ag fáil réidh leis an gcéad planc, nó stráca inniu.
Ar dtús bhí orm leithead na strácaí ar an bhFionn a thomhas agus iad a thaifead.
Ina dhiaidh sin, beagáinín obair eile le déanamh ar an rabóid.


Ina dhiaidh sin bhí píosa beag fairingdubbing le déanamh ar na frámaí. Sé sin le rá a bheith cinnte go bhfuil gach éadan de na frámaí cothrom agus ceart chun an planc a thógáil.
Toisc go raibh siad feistithe go maith, ní raibh a lán le déanamh.





Ansin thaispeáin Liam roinnt beag draíocht dom - bhuel cleas deas ar aon nós - spiling atá tugtar air.
Fuair sé cúpla chaolach leathan (spiling battens) agus thairneáil sé don bád iad. Ansin thomhas sé síos an fad céanna ó gach eang ar gach fráma agus mharcáil sé ar an gcaolach iad.
Ansin bhain sé na caolaigh den bád agus thairneáil sé do clár adhmad iad.
Ansin bhuail sé tairní eile tríd na marcanna ar na caolaigh chun an clár a mharcáil. Sin déanta bhain sé na caolaigh den clár.






Sin déanta fuair sé caolach fíor-chaol (marking batten) agus thairneáil sé é in aice leis na marcanna ar an gclár. Leis sin, síos leis an bpeann luaithe.
Suas ón líne sin mharcáil mé mo thoisí ón bhFionn agus ansin síos leis an gcaolach agus an peann luaithe arís.
Amach leis an sábh ciorclach ansin.


Bhí sé tábhachtach gan dul thar an líne ach ag an am céanna má fhágann tú an iomad breise beidh an iomad plánáil le déanamh.


Agus ar ais ag plánáil arís.





No comments:

Post a Comment