14 December 2018

14/12/2018 - Péinteáil an crann.



Chuireas cóta eile prímeálach ar an gcrann an chéad rud maidin inniubh.

Ansin thosnaíos leis na glambaí i gcomhair an geaifil. Béid ag coimeád an réise gan sleamhnú ar an ngeaifil.

Cóta tapaigh Pre-Kote roimh an lón áfach.

Tar éis an lón ghearras na glambaí amach.
Ach bhí cóiriú fós le déanamh, fé mar is gnáthach.
Agus d'fheistíos ag bun an geaifil iad, ceann amháin trian ón mbun agus an ceann eile trian ón mbarr.



Ní raibh a lán eile le déanamh ansin seachas cóta ola a chuir air agus imeacht abhaile.


13 December 2018

13/12/2018 - Plátaí scriúta


Ag tús an saoire seo bhí súil agam go mbeadh an crann ina seasamh leis an rigín seasta lán déanta agam. Bhuel, is léir anois é nach mbeidh sin déanta go luath. Ach fós ba mhaith liom gluais ar an treo sin.
An chéad rud le déanamh ná na scriútaí a dhéanamh.
Táim ag úsáid cruach dhosmálta, agus mar sin ní foláir dom boltaí dhosmálta a úsáid freisin.

Tamall beag le mo líomhadóir diosca, an druilire seastáin agus die grinder nua ó Lidl, agus bhí ceithre chinn acu ann. Ach sin an píosa éasca. An chuid deacair ná na poill cearnógach a dhéanamh ann chun na boltaí carráiste (DIN 603) a ghlacadh agus na poill siúd a líneáil suas i gceart leis na poil sa bhád.

Tháinig an síobh nua le haghaidh an geaifil inné, ach tá sé beagáinín ró-chaol.
Ag deiridh an lae, chuireas cóta prímeálach ar bharr an crann.

12 December 2018

12/12/2018 - Leath lá ag tógáil pubal.

Thógas sos inniubh ón geaifil agus chaitheas roinnt ama ag tabhairt aird do mo bháidín bocht ag suí sa chlabhar, amuigh fén aimsir sa chlós.

Dheineas dhá fhráma-A agus d'ardaíos an bíoma a bhí ann cheanna féin leo.
Ansin chrochas an tarpól nua air.


Tá súil agam go mbeidh sé ceart go leor, tá gala uafásach eile ag teacht anocht.

06 December 2018

06/12/2018 - Adharca an gheaifil

Bhí a lán obair fós le déanamh ar na adharca ar maidin. Ar dtús na siúntaí a phlánáil cothrom agus cearnach, agus ansin na adharca ceart a mhúnlú go deas.

Ar dtús bhí sé ar intinn agam uillinn a dhéanamh ag an áit a thagann na adharca amach ón maide, ach chinneas gan é a dhéanamh ag an deiridh. Níl an píosa adhmaid sách tiubh agus bheadh na adharca rólag mar sin.
Pé scéal é, dheineas iarracht cruth beagán cóir a chuir orthu.
Tá súil agam go bhfuil siad sách fada.
Nílid mar íomhá scáthánach go foirfe, ach táid ceart go leor.
Amach leis an gliú APV arís.

Agus cúpla bholta, gan amhras.
Agus é ag éirí dorcha go moch san iarnóin arís, ach go háirithe sa phuball, chríochnaíos inniubh le cúpla cnó cró eile. Tá ceann amháin i gcomhair an háilléar tróit, agus sínteán an ceann eile.


05/12/2018 - Ag tosnú adharca an gheaifil

Thosnaíos le beagán lámh greanáil ar maidin. Tá bos cruinn ag an mblocán adhmaid seo agus is dóigh liom go dtugann sé cabhair leis an gcruth cruinn a chuir ar an ngeaifil.

Bhíos sásta leis sin, agus dá bhrí sin leanas ar aghaidh leis an miotalóireacht.

Tá dhá cró ag teastáil, ceann amháin le haghaidh an háilléar píce, agus ceann eile le haghaidh an sínteán.


Chuas ar ais go dtí John Harger sa muileann sábhadóireachta i gCill Chóiche  chun píosa Dhúghlais eile a fháil.
Ní foláir dom 'adharca' a chuir ar an ngeaifil anois. Dheineas dealbh as clár páipéir ar dtúis.
Chonaic Liam mo dhealbh agus dúirt sé nach rabhadar sách fada, mar sin d'fhágas píosa sa bhreis orthu.

B'in é inniu é, ach tá a lán fós le déanamh.

04 December 2018

04/12/2018 - Dul chun cinn leis an ngeaifil

An chéad rud ar maidin ná plánáil síos go dtí na línte an barrchaolú.

Bead ag cuir síobh ann ag barr an gheaifil, agus cheapas go mbeadh sé níos éasca an sliotán a dhéanamh anois nuair at a an maide fós cearnach seachas nuair a bheidh sé cruinn.

Níl seo ach poll treorach, déanfad poll níos leithne am éigin le haghaidh an pionna síobha.



Sin déanta, thig liom tosnú ag cuir cruth cruinn ar an ngeaifil.
D'úsáideas tomhsaire sparra arís chun na línte a dhéanamh, ach an uair seo d'úsáideas tairní seachas pinn luaidhe chun na línte a scríobhadh ar an adhmad.
D'éirigh go maith leis - i bhfad níos fearr ná na línte a bhí agam ag déanamh an crann.
Thosnaíos ag an mbun ar dtúis leis an dtarscamhaire.
Agus ansin an locar aibhléise ón mbarr.
Tá cuma ag teacht air.
Do bhí dul chun cinn níos tapúla ná a shíleas. Tá sé ina ochtagán cheanna féin.
An chéad céim eile ná dul go dtí heicseadeacagán - cruth le 16 aghaidh.

Ar sparra beag mar seo, níl difríocht mór idir heicseadeacagán agus ciorcal - ligh éatrom leis an locar amháin ag teastáil.

Bhí orm imeacht mar gheall ar an dorchadas sa phuball, ach bhíos sásta le mo chuid oibre inniu, agus an dul chun cinn.

03/12/2018 - Leath Lá leis an ngeafil.


Do bhí an maide seo réasúnta cothrom agam De hAoine, ach thar an deiridh seachtaine lúb sé arís.
An-chuid plánáil fós le déanamh.


Ag an deiridh bhís sásta go raibh dhá aghaidh cothrom agus cearnach, mar sin bhís réidh an dá thaobh eile a chuir tríd an tiúsóir.
Thógas síos é go dtí 3" (timpeall 75mm) cearnach, ach thugas fé deara gur lúb sé beagáinín arís tar éis dul tríd.
Ach beidh sé ceart go leor. Chuireas lárlíne ann agus mharcáileas na línte barrchaolú freisin. Beidh sé réasúnta díreach ag an deiridh.