06 December 2018

06/12/2018 - Adharca an gheaifil

Bhí a lán obair fós le déanamh ar na adharca ar maidin. Ar dtús na siúntaí a phlánáil cothrom agus cearnach, agus ansin na adharca ceart a mhúnlú go deas.

Ar dtús bhí sé ar intinn agam uillinn a dhéanamh ag an áit a thagann na adharca amach ón maide, ach chinneas gan é a dhéanamh ag an deiridh. Níl an píosa adhmaid sách tiubh agus bheadh na adharca rólag mar sin.
Pé scéal é, dheineas iarracht cruth beagán cóir a chuir orthu.
Tá súil agam go bhfuil siad sách fada.
Nílid mar íomhá scáthánach go foirfe, ach táid ceart go leor.
Amach leis an gliú APV arís.

Agus cúpla bholta, gan amhras.
Agus é ag éirí dorcha go moch san iarnóin arís, ach go háirithe sa phuball, chríochnaíos inniubh le cúpla cnó cró eile. Tá ceann amháin i gcomhair an háilléar tróit, agus sínteán an ceann eile.


No comments:

Post a Comment