04 December 2018

04/12/2018 - Dul chun cinn leis an ngeaifil

An chéad rud ar maidin ná plánáil síos go dtí na línte an barrchaolú.

Bead ag cuir síobh ann ag barr an gheaifil, agus cheapas go mbeadh sé níos éasca an sliotán a dhéanamh anois nuair at a an maide fós cearnach seachas nuair a bheidh sé cruinn.

Níl seo ach poll treorach, déanfad poll níos leithne am éigin le haghaidh an pionna síobha.



Sin déanta, thig liom tosnú ag cuir cruth cruinn ar an ngeaifil.
D'úsáideas tomhsaire sparra arís chun na línte a dhéanamh, ach an uair seo d'úsáideas tairní seachas pinn luaidhe chun na línte a scríobhadh ar an adhmad.
D'éirigh go maith leis - i bhfad níos fearr ná na línte a bhí agam ag déanamh an crann.
Thosnaíos ag an mbun ar dtúis leis an dtarscamhaire.
Agus ansin an locar aibhléise ón mbarr.
Tá cuma ag teacht air.
Do bhí dul chun cinn níos tapúla ná a shíleas. Tá sé ina ochtagán cheanna féin.
An chéad céim eile ná dul go dtí heicseadeacagán - cruth le 16 aghaidh.

Ar sparra beag mar seo, níl difríocht mór idir heicseadeacagán agus ciorcal - ligh éatrom leis an locar amháin ag teastáil.

Bhí orm imeacht mar gheall ar an dorchadas sa phuball, ach bhíos sásta le mo chuid oibre inniu, agus an dul chun cinn.

No comments:

Post a Comment