06 December 2018

05/12/2018 - Ag tosnú adharca an gheaifil

Thosnaíos le beagán lámh greanáil ar maidin. Tá bos cruinn ag an mblocán adhmaid seo agus is dóigh liom go dtugann sé cabhair leis an gcruth cruinn a chuir ar an ngeaifil.

Bhíos sásta leis sin, agus dá bhrí sin leanas ar aghaidh leis an miotalóireacht.

Tá dhá cró ag teastáil, ceann amháin le haghaidh an háilléar píce, agus ceann eile le haghaidh an sínteán.


Chuas ar ais go dtí John Harger sa muileann sábhadóireachta i gCill Chóiche  chun píosa Dhúghlais eile a fháil.
Ní foláir dom 'adharca' a chuir ar an ngeaifil anois. Dheineas dealbh as clár páipéir ar dtúis.
Chonaic Liam mo dhealbh agus dúirt sé nach rabhadar sách fada, mar sin d'fhágas píosa sa bhreis orthu.

B'in é inniu é, ach tá a lán fós le déanamh.

No comments:

Post a Comment