05 May 2016

05/05/2016 - Méaróga, urláir agus clár eile.

Nuair a thosnaíos ar maidin thriail má ar deisiú an urlár lúbtha sin a críochnú. D'fhág mé na crampaí ar thar oíche agus chuireas beagán Sikaflex idir é féin agus na frámaí ach nuair a scaoil mé na crampaí thosnaigh sé ag lúbadh go mall arís. Ní rabhas ábalta tairní a chuir isteach sna méaróga, mar sin chinn mé blocáin adhmad a bhrú isteach sa bhearna, ach mo thrua ghéar chnag mé isteach ró-chrua é agus do bhris an méaróg ar an dtaobh deasbhoird. D'éirigh ní b'fhearr liom ar an dtaobh clébhoird ar a laghad.
Ní bheidh na blocáin siúd ann go deo na ndeor, bíodh a fhios agat, nílim ach ag iarraidh na hurláir a choimeád díreach go mbeidh na plainc tairneáilte ann, agus as sin amach coimeádfaidh na plainc go díreach iad. Ach anois nílim cad a dhéanfaidh mé fé na cinn briste siúd.



Ina dhiaidh sin bhí sé in am tosnú ar an tríú stráca ar an dtaobh clébhoird. Mhol Liam dom an ceangal idir an dá chuid a dhéanamh ag fráma 11 sa cheann seo.

Mar sin spiling ar dtús.

Líneáil amach.

Ansin plánáil.

Ansin tochailt amach.

Beagán dubbing.


Suas ar an mbád le crampaí anois.

Agus tairneáilte ansin.

Bhíos sásta le obair an lae inniu, seachas an méaróg briste ar maidin.

No comments:

Post a Comment