09 May 2016

09/05/2016 - Leath-lá

Trasna go dtí an taobh deasbhoird arís inniu agus an tríú stráca ansin a thosnú. Thug Liam lámh cúnta dom leis an spiling toisc go raibh sé chomh donna an uair roimhe seo.


Táid ag tógáil crann ar an mbinse sa bhothán mhór mar sin níl agam ach workmate chun an plánáil a dhéanamh.

In ainneoin a cabhair a fhuaras ó Liam bhí fuinneoga eile agam arís sa cheann seo.

Bhí rudaí le déanamh agam san iarnóin mar sin d'fhág mé mar sin é leis an lae.

No comments:

Post a Comment