06 May 2016

06/05/2016 - Fuinneoga idir na strácaí

Bhí a fhios agam go díreach ar maidin cad a bhí le déanamh inniu - an tarna leath den stráca a chríochnú. Thosnaíos leis an spiling ar dtús.



Ansin shín mé slat amach idir deiridh an chéad leath agus an ball tosaigh chun na leitheadaí a thomhas.

Ansin mharcáil mé amach ar an gclár leataoibh iad. Ba é seo an chéad uair a bhíos ábalta stráca iomlán a fháil as leataobh amháin.

Ach cad a bhí le feiscint nuair a chuireas an clár suas ach bearnaí móra ar nós fuinneoga idir na strácaí! Bhí rud éigin amú le mo chuid spiling.


Bhrúigh mé slat beag tanaí idir an stráca agus na crampaí le fáil amach cá rabhas ar strae, ach is cosúil go raibh an clár nua sách fair (breá nó cóir b'fhéidir?), ach ba é an stráca ós a chionn a bhí mí-ceart.
Ag iarraidh líne fair a fháil.
Pé scéal é, bhí sé ródhéanach an ceann déanta cheanna a athrú anois mar sin bhí orm an ceann nua a fheistiú in aghaidh an ceann thuas.

Sos tae ag an mbád chlós. John Hegarty ar chlé agus Leo McDermot ar dheis.
Tar éis roinnt beag feistiú bhí mo fhuinneoga ní ba lú na a bhí cheanna. Ní foirfe, ach níos fearr.


Roinnt dubbing de díth ansin.


Agus réidh le tairneáil ansin.


Tubaiste eile. Bhris mo bhéalmhír agus mé ag druileáil poll píolótach. Ní raibh aon rud le déanamh ach é a fhágáil ann.


Ní raibh sé chomh donna ag deiridh an lae. Tá bearnaí fágtha in sna áiteanna a rabhas ag fáscadh an tarna stráca ró-láidir ach dar le Liam tá seans maith go ndúnaidís cuid maith ina aonar tar éis tamall.


No comments:

Post a Comment