02 May 2016

29/04/2016 - An tarna stráca ar an dtaobh deasbhoird.


Níl an seans agam seasadh siar ag breathnú le haoibhneas ar mo chuid oibre ag tabhairt comhghairdeas dom féin - tá a lán strácaí eile le déanamh.

Ag líneáil amach.

Ag marcáil leithead an stráca. Chuireas líne dearg ar imeall an adhmad fionn (nó sú-adhmad) agus ar na fabhtanna agus  araile.

Ní oibreoidh sé sin!

Triail arís as.

Ach fadhb mór eile. "Lár an crann" an thug Liam air, scoilt mór suas lár an clár ar fad. Tuilleadh connadh is cosúil.


Ag úsáid slat chun na leitheadaí a mharcáil....





...agus a thomhais.

Ag tomhas uilleann ag ceann an stráca le fiarbhacart.


Agus an beibhil chomh maith.


Beagnach réidh le chuir suas amárach.

No comments:

Post a Comment