09 January 2018

09/01/2017 - An t-uchtán

Jab eile a bhíos ar bís lena dhéanamh le tamall ná an t-uchtán a dhéanamh.
Thosnaíos le dealbh ar dtús.
Thógas na beibhil freisin agus chlaonas an sábh ag an uillinn céanna agus mé ag gearradh amach darach chun an méid feistiú a laghdú.

Beagáinín plánáil ach gan mórán feistiú, shuigh sé isteach go deas slachtmhar.
Bhí smaoineamh maith agam anseo é a dhéanamh siméadrach, ach dheineas praiseach de, an fhirinne a rá. Ach ag an am céanna bhí a fhios agam go mbeadh an ball seo dofheicthe ag an deiridh.


Ag gearradh amach an cruth ceart.
Ligh beag leis an tarscamhaire ansin.
Agus réidh le dhul isteach ansin.
Dheineas díreog ansin chun an béalmhír a threorú.
Agus ansin thosnaíos ag tarathrú. Bhí sé soiléir ag an bpointe seo go rabhas ag dul ar chlé, beagáinín, ach ní ró-fhada.
Ach níor thugas fé deara go rabhas ag dul ró-íseal. Bhíos ag dul nach mór comhthreomhar leis an talamh seachas comhthreomhar leis an t-uchtán agus an slat bhoird.

Ag an deiridh, ní rabhas ach ceintiméadar nó mar sin as an lárlíne.

Bhí a fhios agam um an dtaca seo go raibh an poll íseal san uchtán.



Ansin thiomáin mé cúpla pionna cruaiche isteach ó gach taobh. Bhí an ceann seo ar clébhoird beagáinín ró-ard - gan dul tríd an bloc darach laistigh fén slat bhoird.
Ach tá an ceann seo ceart go leor.
Ansin thosnaíos ag cóiriú.



Nach mór críochnaithe, d'fhéach mé aníos fé bun an t-uchtán agus chonac go raibh an bolta ag teacht amach tríd an lár. Bhí an béalmhír ag claonadh i bhfad ró-íseal.
Bhí sé ró-dhéanach aon rud a dhéanamh fé anois. Beidh sé ceart go leor, ach nílim ró-shásta.

An chéad rud eile ná na cnaíocha a thosnú.
Arís dheineas dealbh ar dtús, ach chuas ar strae leis na beibhil agus bhí an-chuid feistiú le déanamh
Críochnóidh mé amárach é.

No comments:

Post a Comment