08 January 2018

08/01/2018 - Ag feistiú na leaba innil.

Ar ais ag an gclós an chéad uair tar éis an Nollag agus an Athbhliain, thosnaíos ar dtús le beagán glanadh amach.
Scriú fánach aimsithe fé na scamhacháin!

Agus ansin cóta min Protim sa ruma - trá súil agam go cosnóidh sí an t-adhmad ann.

Agus ansin ar aghaidh ag feistiú na leabaí. Tharathraíos poll síos tríd an leaba agus isteach san urlár - cúramach gan dul amach tríd tóin an chabhail.

Ansin thomhas mé an poll agus ghearras an pionna cruaiche timpeall 15mm níos giorra - beag nó mór.
Agus ansin thiomáineas isteach é.
Agus arís.

Agus arís eile. Agus arís eile.

Ag cúl na leabaí d'úsáideas tairní báid
Agus b'in é, tar éis an feitheamh sin ar fad!

Chuas suas go dtí an bothán mór ansin chun gliú a fháil ar iasacht agus do chonac go raibh obair tosnaithe ag leagadh cíle an Saoirse. Táim ag tnúth leis an tionscadal sin a leanúint.

Ar ais ag mo thionscadal féinig, ghreamaíos dalláin sna poill os cionn na pionnaí, agus d'imigh abhaile.


No comments:

Post a Comment