16 January 2018

16/01/2018 - Leath lá eile ag umrascáil leis an inneall.

Ní raibh Liam sásta leis an caoi ar ailínigh mé an inneall inne. Mhol sé an cúplán R&D a bhaint de, agus an tomhsaire braite a úsáid chun é a ailíniú arís.
An uair seo d'fháisceas  na cnónna ar bhar gach gléasadh solúbtha agus bhí sé i bhfad ní ba éasca mion-boga a dhéanamh leis an inneall.

Sara bhfad bhí éadain na cúpláin ag suí go foirfe ina chéile.

Ag ag an bpointe sin thugas fé deara go raibh an seafta ró-ard ag teacht amach as an bhfeadán - chaithfidh sé bheith sa chroí-lár.
Labhras le Liam arís agus dúirt sé go gcaithfidh mé 5mm eile a bhaint de na leabaí.
Bhíos thar a bheith curtha amach le seo, ach pé scéal é leanas ar aghaidh leis an obair.
Bhí orm na pionnaí a bhualadh isteach níos mó, agus tá súil agam ná fuil aon dochar déanta de na frámaí thíos fé.

Ba é sin é, bhí mo chuid ama thart.
Ní raibh seans agam ach beagán glanadh suas a dhéanamh agus cúpla fótagraif a ghlacadh.
Bhí Liam agus mé ag plé an tanc peitril , an méid, an áit lena chuir srl, ach ar an slí amach chonac an sean-cheann seo ina luí sa fearthainn agus cheapas b'fjhéidir go mbeadh sé oiriúnach. Níl a fhuos agam, ach chífidh mé.





No comments:

Post a Comment