13 January 2018

12/01/2018 - Ag socrú an inneall.

Bhíos bréan ag féachaint ar an mbosca sa chúinne le YANMAR clóite air. Bhí sé in am an inneall a fheistiú.
Níl neart go cuir le chéile, mar sin d'ardaigh Liam, a mhac Paddy agus mé fhéin an inneall suas ar an slatbhoird agus as sin anuas isteach sa bhád. Tá an inneall beag go leor, ach ná habair fé meáchan!

Agus sin é ar na leabaí anois. Sara bhfad beidh sé ann go deo na ndeor.
Anois an seafta. Ón taobh istigh amach tríd an bhfeadán.
Agus ansin an lian.

Anois cheanglaíos an seafta leis an gcúplán, an cúplán leis an R&D cúplán agus an R&D cúplán leis an gcúplán giarbhosca.
Ansin thomhas mé an fad idir an inneall agus an áit ba mhaith liom an inneall a bheith ann. An freagra ná 365mm. B'in an fad a bhí orm a ghearradh den seafta.
Rud a dheineas go díreach.
Seo iad na treoracha a tháinig leis an cúplán R&D.
Is saghas cúplán solúbtha é an R&D.  Más rud é go mbeidh aon mí-ailíniú idir an inneall agus an seafta lúbfaidh an R&D ionas nach lúbfadh an seafta nó scriosfadh an giarbhosca.
An tarna chéim ná an ailíniú a dhéanamh gan an R&D.
Ba ansin é a thugas fé deara go raibh fadhb agam.

Tá an cúplán ar an seafta thart ar ceintiméadar níos ísle ná an cúplán ar an giarbhosca.
Bheadh orm labhairt le Liam fé seo. Ach ar dtús bhí coinne agam le John Harger ag Cill Chóiche.

Agus seo mo taftaí nua. Fágfad anseo le tamall le triomú iad.

Agus ar ais ag an gclós, mhol Liam 8mm a bhaint de barr an dá leaba. Agus ba chóir a bheith cúramach an tiús a bhaint chomhthreomhar díobh.
Leanas ar aghaidh, agus mar a shíleas, sara bhfad bhí barr na pionnaí le feiscint arís.
Bhí orm iad a thiomáint síos níos faide isteach sa pholl.
Agus ar aghaidh liom leis an locar ansin.
Ag deiridh an lae bhí an dá chúplán nach mór comhréidh lena chéile agus bhíos sásta dalláin nua a chuir ann fiú go raibh seans go mbeadh orm beagán eile a bhaint de an tseachtain seo chugainn.



No comments:

Post a Comment