19 February 2018

19/02/2018 - Leath lá - peint!


Tógann sé timpeall 24 uair a chloig leis an eapocsach a chruaigh, níos faide uaireanta, ach bhí péinteáil le déanamh agus ní rabhas chun fanacht níos mó.
Seo sábh Seapánach a cheannaíos i Lidl tamall ó shin. Gearrann an sábh seo ar an tarraingt chugat seachas ar an turraing (mar is gnáth le sábha ón iarthar) agus dá bhrí sin bíonn sé níos séimhe ar an ábhar.


Ligh beag leis an locar anois agus sin déanta.

Dheineas saghas praiseach as an gceann seo mar gheall ar an cuar san uchtán.

D'aimsíos scriú ansin. Chaithfidh gach rud mar sin bheith imithe roimh an bpéinteáil.

Seo é. Ar nós Luaithríona ag gléasadh do rince, agus mise i bpáirt an Sióg Mhaith, beith cuma nua uirthi go luath - bhuel tá súil agam ar aon nós!


Sin déanta ní mór dom fanacht agus an inneall a bhogadh le leanúint ar aghaidh.
Pé scéal é, tá a lán obair fós le déanamh.






No comments:

Post a Comment