21 February 2018

21/02/2018 - Méar basctha


Agus mé ag iarraidh an tarna chóta prímeálach a dhéanamh inniu, chinneas ar an áit a scuabadh ar dtús.
Gach aon uair a dhreapaim isteach sa bhád tógaim salachar agus min sábh isteach ar mo chosa, agus tá sé ríthábhachtach rudaí a choimeád glan agus tú ag péinteáil.
Ag an am céanna, do bhí an áit plódaithe le píosaí adhmad, caolaigh, slata agus araile, ach go háirithe ar an taobh deasbhoird. Dheineas iarracht slacht a chuir ar an áit beagáinín, agus mar chuid de sin d'iarras an leataobh darach mór atá fágtha agam a bhogadh fén gcíle agus a leagaint cothrom ar an urlár, ach leath slí tríd an oibríocht sin, ghreamaigh an slaba mór trom ar ceann de na bloic ag tabhairt tacaíocht don bád ar fad.
Bhí a fhios agam go raibh orm tarrac mhór a dhéanamh ar an leac adhmad trom agus mé ar mo ghlúine ar an talamh, ach bhí eagla orm go iompóidh sé nuair a tiocfaidh sé saor agus go mbeadh mo lámh greamaithe ansin. Bhraitheas nach raibh aon dul amach as, agus chinneas an t-adhmad a scaoileadh chomh luath agus a bhraitheas go raibh sé saor.
D'éirigh go maith liom, saghas! Bhogas an t-adhmad, bhraitheas é ag teacht saor agus ag iompú, d'oscail mé mo lámh. Maith go leor go dtí seo, ach níor oscail mé mo lámh sách tapaigh, níor bhraitheas an t-adhmad ag iompú sách luath agus bhog an stiall ró-thapaigh ar fad. Agus bhascadh mo mhéar fada idir an t-adhmad agus an urlár cruaidh.

Agus na leaideanna eile ag dul i dtreo an bhothán mhór le haghaidh sos tae, bhíos féin ag dul i dtreo an clinic.
Ba é seo an chéad uair a fuaireas greamanna gan aon ainéistéiseach logánta agus taithí suimiúil a bhí ann! "Are you a brave man?" a d'fhiafraigh an dochtúir díom, agus ansin "There's a rich supply of nerve endings in the tips of the fingers". "On the back or somewhere like that this would be no problem, but this will fairly hurt all right". Agus bhí an ceart aige.
Agus an freagra ar a cheist - Níl. Ní fear cróga mé in aon chor, de réir dealraimh.
 
 Ach ní raibh an t-am agam a bheith ag suí ar mo thóin. Bhí obair le déanamh, agus ba mhaith an rud é nach raibh sé ró-dheacair. D'fhéadfainn greim a bhreith ar scuab péinteála.


An tarna chóta prímeálach déanta, d'imíos abhaile ag déanamh trua fúm féin.

Dála an scéal, tá rudaí an-shuimiúil ar siúl sa chlós sa lá atá inniu ann. Tá atógáil an Saoirse ag dul chun cinn gan stad.





No comments:

Post a Comment