26 February 2018

26/02/2018 - An innil feistaithe agus tús na garmaí rungála.


B'fhéidir go bhfuilim ag déanamh é seo ró-luath, ach táim bréan ag féachaint ar an inneall ag bogadh timpeall an báid.
Tá sé in am é a fheistiú.
Amach leis an dtomhsaire braite agus ailíniú an inneall go foirfe leis an seafta.
Sásta leis sin, marcáil na poill sna gléasanna innill le marcóir.
Agus ansin bog an inneall as an slí uair amháin eile.

Ansin tarathraigh na poill le haghaidh na scriúnna cóiste agus sleamhnaigh an inneall isteach ian áit arís.
Daingnigh na scriúnna agus sin é. Tá súil agam nach mbogfaidh an inneall seo as an áit sin arís go deo na ndeor!
Ansin d'fheistigh mé an cúplán R&D.
Tá seans maith ann go mbeidh roinnt mion-ailíniú le déanamh arís, ach thig liom é sin a dhéanamh sara dtosnaím an inneall den chéad uair.

Anois, táim ag tosnú ar chéim nua sa tionscadal, an urlár a chuir sa bhád.
Chaithfidh gach rud a bheith cothrománach go foirfe as seo amach, mar sin ba é an chéad jab eile ná an bád féin a chuir ar chíle chothrom. Ansin bead ábalta an leachtleibhéal a úsáid le muinín as seo amach.

Leagas corr dhíreach trasna an bháid ag fráma 11 agus chuireas an leachtleibhéal ann. Bhí sé soiléir láithreach bonn nach raibh sí chothrom cheanna féin!

Ach beagáinín obair ag na cosa agus bhí réiteach agam leis an bhfadhb sin.
Nach mór ann. Buail amháin eile agus b'in é.

Anois tá cinntí le déanamh maidir le airde an urlár, cá bheidh na céimeanna ann agus araile.

Féachann sé seo an-ard, ach ní fheicim aon caoi eile lena dhéanamh.

Ag gearradh amach an chéad píosa rungála.
Réidh le feistiú amárach.


No comments:

Post a Comment