16 February 2018

16/02/2018 - Stopalláin agus greannáil.

Abhaile arís agus ar ais ag mo 'fíor' post.

An athrú mór le teacht go luath ná an chéad cóta péint taobh istigh, ach roimhe sin ní foláir dom beagán greanáil a dhéanamh. Ach roimhe sin ní foláir dom stopalláin/dalláin a chuir isteach sna poiil ar fad.


Ceann amháin san uchtán.

Dornán sa trasnán.

Rith smaoineamh liom an bolta seo a iompú timpeall, agus an dallán a chuir lasmuigh.


Dalláin darach i gcomhar poill darach.


Iad go léir greamaithe isteach le gliú eapocsach.



Seo ceann aisteach. Thit cranra amach as an ribín rungáis agus bhí leath poll fágtha.

Dalláin Dhúghlas i bpoill Dhúghlas.




Agus ansin thosnaigh an greanáil. Bhíos ag caitheamh an aghaidhmhasc toisc gobhfuil roinnt luaidhe dhearg ar an ribín rungás agus tá an dusta as sin thar a bheith míshláintiúil má théann sé isteach i do scamhóga.

Tá sé deacair gach rud agus gach spota a ghreanáil i gceart, ach níl an foighneamh agam mo shaol ar fad a chaitheamh ann ag déanamh é.

No comments:

Post a Comment