24 April 2018

24/04/2018 - An chéad tafta feistithe.


Bhíos ag tochais mo cheann ar maidin ag féachaint ar an rud damanta seo. Pé chaoi a bhogas é bhí sé fós mí cheart. Smaoiníos ar an chuid nósanna é a dheisiú, ach bhí a fhios agam nach mbeadh sé cearet ag an deiridh. Chinneas é a athdhéanamh arís ón tús.

Bhí an cuir amú adhmad ag cuir as dom. Tá gach píosa darach luachmhar anois.

Thug Liam dornán tairní mhóra dom leis an rud seo a chuir ann, timpeall 80mm ar fad. D'úsáideas mo ghnáth cinn ar a deasbhoird, ach níl sé chomh láidir is ba mhaith liom.
Agus na tacaí istigh bhí sé in am an tafta a ghearradh síos go tomhas.


Tá an clár seo mór agus trom go leor, agus caithfidh sé dul isteach in áit an-chúng, ach ag an deiridh d'éirigh liom.
Nílim chun é a bholtáil fós faraor, beidh gach píosa ag teacht amach arís roimh an péinteáil.

No comments:

Post a Comment