12 April 2018

12/04/2018 - Ar ais ag obair ar an urlár.


Ar ais abhaile arís ó phost amháin agus díreach isteach go dtí mo 'phost' eile, bhí orm mo mhachnamh a dhéanamh  ar cúrsaí anseo. Dian giarathrú intinne a bíonn ann i gcónaí, ach sara bhfad bhíos ar ais ag obair arís.

An turas seo chaite bhí tús maith déanta agam ar an urlár agus phiocas suas arís ar an áit ar chríochnaíos roimh ré, an t-achar timpeall an inneall.


Chaithfead dhá shlat a chuir ar na bíomaí rungála chun na píosaí an urlár a choimeád istigh; ba mhaith liom go mbeidís comhchothrom agus siméadrach thar an chíle, mar sin d'úsáideas an uirlis breá seo (ceannaithe agam i Lidl blianta ó shin) deartha chun frámaí pictiúir a chrochadh suas!
Beidh na slata siúd orlach ar leithead agus orlach ar tiús agus an fad céanna is na bíomaí rungála.
An taobh sin déanta agus na línte an slat marcáilte amach, dob fhéidir liom an líne gearradh a tharraingt ar an urlár.

Ansin dheineas an chéad slat céanna.
D'úsáideas scriúnna cruach dhosmálta leis an slat a chuir ar an mbíoma.
Ansin ghearras na cláir urláir agus shuigh mé isteach iad. Bhí faoiseamh orm nuair a d'fhán siad insan áit ceart, fiú nuair a sheasas ortha!
Agus an scéal céanna ar an taobh eile.
Ansin bhí sé fuirist go leor na píosaí dronuilleogach a ghearradh amach ansin agus iad a fheistiú sa lár.
Fágfad an spás sin in aice an inneall fé láthair, rachaidh an bosca innill ann ar deiridh.

No comments:

Post a Comment