17 December 2018

17/12/2018 - Nithe beaga ar an gcrann

An lá deireanach agus tá roinnt rudaí le déanamh roimh imeacht.

An chéad rud ná cóta péint ar an gcrann.

Ansin luchtaigh mé an ceallra sa bhád ón bpríomhlíonra aibhléise. Fágfad an caidéal ruma uathoibríoch ar siúl an uair seo, ó eagla go heagla.

Ansin, ag obair in aghaidh an clog, chuireas an chéad cóta Sikkens Cetol Filter 7 ar an gcrann.
Is maith liom an stuif seo, ach ceapaim anois gur dheineas botúin ag cuir ann anois é. Níor leigheas an Bileog Shonraí Teicniúil roimh ré agus ba chóir dom cóta Sikkens HLS Plus a chuir mar prímeálach ar dtús.
Ach pé scéal é, is maith liom an dath, agus tá súil agam go hoibróidh sé ceart go leor.

Córas micreapóiriúil is ea é córas Sikkens. Tá tuilleadh eolas fé sa físeán seo thíos:




An tarna botúin a dheineas ná chuireas an tarna chóta air i bhfad ró-luath. Dar leis an BST, ba choir dom fanacht 16 uair a chloig, ar a laghad. Ach tá sé déanta anois agus níl aon dul amach as anois.


Bhí an aimsir uafásach an chuid is mó den am an uair seo sa bhaile agus ní a lán dul chun cinn déanta agam.
Tá na scriútaí le feistiú.
Tá spás i gcomhair an crann a dhéanamh sa thafta mór.
Tá cnaíocha le déanamh agus le feistiú.
Tá cléataí le déanamh agus le feistiú.
Tá sreangú le deisiú.
Tá an píobán sceite le shocrú i gceart.
Tá an rigín seasta le déanamh.
Tá an rigín reatha le déanamh.
Tá pionnaí ceangail le déanamh.
Tá na seolta le déanamh.
Tá maidí rámha le déanamh.

Neart fós le déanamh agus an luas a bhí agam go dtí seo tógfaidh sé bliain eile!



No comments:

Post a Comment