03 April 2021

02-03/04/2021 - Bacáin ceangail 7 coirníní

 Leis an aimsir breá, agus mé beagáinín bréan leis na seolta, chinneas beagán ama a chaitheamh ar saothar adhmad arís.

Nuair a cheannaíomair ár dtigh i 2004, do bhí cistin crua adhmaid ann, déanta as fuinseog ceapaim. Nuair a chuireamair síneadh leis an teach timpeall 12 ó shin, chuireas an píosa fuinseog so i dtaisce, ag smaoineamh go mbeadh sé foirfe le haghaidh bacáin ceangail lá éigin.

Thug Nick Kottler an deil seo dom sara d'imigh sé chun cónaí san Chatalóin. Fuair sé an deil seo óna thuistí mar pháiste nuair a chuir sé suim san adhmadóireacht den chéad uair. Táim fíor buíoch as an mbronntanas iontach so, agus an comhairle agus cairdeas a thug sé dom nuair a bhíos ag tosnú go stadach ar an dtionscadal so.
Bhuel, seachas triail beag amháin breis is bliain ó shin, níl aon thaithí agam le deil ar bith, ach mar is gnáthach, tá cúpla fhíseán YouTube feicthe agam.



OK. Ní raibh sé san chomh deacair, ach an buntáiste anois ná na cinn eile a dhéanamh díreach cosúil leis an gcéad ceann.








Damnú! Fabht san adhmad.
 
 Bhuel, is dóigh liom go bhfuil tuar de ar an ndromchla. Ar a laghad tá a fhios agam anois conas é a aithint.


Níl ach ceithre cinn ag teastáil uaim; roghnód na 4 chinn is fearr.

Tá "parrel beads" le déanamh i gcónaí. Ní rabhas in ann focal áirithe Gaelainne a fháil ortha, mar sin bainfead úsáid as "coirníní" amháin.
Is dóigh liom go mbeidís níos fearr beagáinín níos lú, ach le mo leibhéal taithí agus cumas ar an deil, socród leo mar so, agus sásta.




Folcadh meascán de ola díosal, ola Danmhargach agus ola róis.

Arís, an fíor deacracht ná na cinn eile a dhéanamh mar a chéile leis an gcéad ceann.


Scoilt eile!

 
Ag tús an lae bhíos beagán buartha fé na tascanna so, ach i ndáiríre, ní raibh sé chomh deacair sin.

 

 

No comments:

Post a Comment