20 April 2021

15-20/04/2021 - Cnaíocha 7 na cosa

 Agus so anois an obair a bhíos ag súil leis - ag snoí baill amach as dair. Á, is breá liom an boladh as!

Tá cnaí mór agus cnaí beag le dhul isteach ar an dá thaobh, agus na baill tacaíochta na cosa freisin. Is "legwales" iad san in mBéarla, ach ní thig liom focal Gaelainne a aimsiú ortha.
Thosnaíos ar an taobh clébhoird, leis an gcéad cnaí mór. Ní rabhas ábalta é a fháil as píosa amháin, mar san chinneas é a dhéanamh as dhá phíosa adhmaid, agus iad a scarbhailt le chéile.
Tek-7 idir an dá phíosa, agus tairní bháid tríothu, lúbtha thart ar nós seamanna.


B'fhearr liom é as píosa amháin, ach cé nach raibh an scarbhailt foirfe, bhíos réasúnta sásta leis.
Tar éis ligh beag prímeálach, thosnaíos leis an gcnaí beag.



Cheapas go raibh tús maith déanta agam leis, ach chomh luath is a thosnaíos á phlánáil, scoilt sé ina dhá leat!

Bhí orm filleadh ar ais abhaile chun píosa dair eile a fháil. Thugas fé ndeara anois go bhfuil fabht dofheicthe ag dul suas lar an crann sin, agus beidh sé i ngach leataobh atá agam.
Ar a laghad, anois bead ag faire amach air as so amach.

D'éirigh ní ba fhearr liom ar an dtarna dul síos.


Chaitheas an-chuid ama ag réitiú an deilbh le haghaidh an ball so, ach fós bhí cuar ag teastáil nárbh fhéidir liom a dhéanamh sa dheilbh. Is é sin le rá, níl an ball so cothrom, tá cruth ann i ngach toise.

 
Leis an trí bhall réidh, do bhí sé in am iad a chuir le chéile.


Níl sé éasca poll chomh fada so a tharathrú go foirfe cothrománach, agus is léir ná rabhas cothrom leis an dtasc.

Ach ní raibh sé chomh donna nach rabhas in ann é a dheisiú. 

Bhí deacrachtaí agam leis an legwale freisin.
Nuair a bhíos ag druileáil tríd an bhfráma d'aimsaíos tairne, agus bhí orm é a bhualadh amach. An fhadhb ná gur thóg sé píosa maith den stráca amach leis.


Ar a laghad, chlúdaigh an ball an poll san, agus líonas an spás le puití.
Thugas fé ndeara ró-dhéanach nach mbeinn in ann boltaí a chuir tríd gach fráma clúdaithe ag an mball mar gheall ar na iarainn scriúta atá feistithe cheann féin.

Agus so mar a fheistítear na cosa go traidisiúnta, gan bolta ar bith, cé ná fuil sé chomh láidir ná chomh daingean.

Taobh amháin déanta, thosnaíos ar an ndeasbhoird.
An uair so bhíos ábalta an cnaí mór a dhéanamh as píosa amháin. B'fhéidir go bhfuil an leataobh so beagáinín níos leithne ná an chéad ceann.




Bhí sé ní ba éasca na baill a dhéanamh an tarna uair, ach bhí gach saghas fadhb agam á a fheistiú.
Chuas ar strae ar fad ag tarathrú an poll le haghaidh an bolta, agus chaitheas an-chuid ama ag déileáil leis sin.
Chomh maith leis sin, thugas fé ndeara go bhfuil an tafta ró-leathan. Dá bhrí sin, ní féidir liom ach bolta amháin a chuir tríd an píosa tosaigh.
Tá sé an-shoiléir gurb ceart dom na baill seo a dhéanamh ar an gcéad dul síos, agus roimh na iarainn scriúta gan amhras.


Agus so an táirge deiridh. Conas a déanann sé i gcomparáid lena sinsir?
 

Bhuel, is léir go bhfuil sé níos starraí ná an ceann so.



Agus an ceann so freisin.
 

Ach an cosúil leis an gceann so.

Agus an ceann so, beag nú mór.

Agus níl rud ar bith le feiscint sa cheann so.
Déarfainn ná raibh aon dá cheann díreach mar a chéile san aimsir sin!
 

 



 

No comments:

Post a Comment