13 April 2021

13/04/2021 - Ag obair ar an rigín

 Arís tar éis féachaint tríd Bailiúchán Lawrence, ba mhaith liom rigín an geaifil a athrú.




 
 
Cé ná fuil na mion sonraí soiléir sna fótagraif siúd, tá sé soiléir ná fuil na crainn sna gliomadóirí nua aimseartha mar a chéile leis na sean-chinn. Féach thíos ó Roaringwater Journal, mar shampla.

Ach tá an rigín cuimseach cruinn ceapaim. Pé scéal é, ní dóigh liom go raibh sé déanta i gceart agam i 2019.

An chéad rud a dheineas ná fáinne téide le haghaidh frídeoir strapa os cionn na sliastáin.


Agus ansan ceann eile gar leis an gcaipín.



Agus so mar atá sé leagtha amach anois. Ach fós nílim sásta leis. Déarfainn go mbead ag athrú arís é sa geimhreadh so chugainn.


Beagáinín saothar snaidhme chun an coirníní a cheangail le adharca an gheaifil.

Bhí an chuid eile de lae chaite ag ullmhú le haghaidh an adhmadóireacht le teacht.






 

No comments:

Post a Comment