23 November 2015

23/11/2015 - Ag boltáil na frámaí, ag gearradh treoir-pholl don feadán seafta agus ag déanamh 'dump' sa phost deiridh.


Tá neart fótagraif agus físeáin inniu toisc go rabhas ag obair le Leo McDermot agus bhí sé lán sásta an ceamara a úsáid agus mé ag déanamh rudaí.

An chéad jab le déanamh inniu ná boltaí a chuir tríd na frámaí atá déanta againn cheann féin. Roimh ré bhí Liam ag caint fé 'jig' nó díreog a úsáid/déanamh chun na poill seo a dhruileáil. Ag an am san, cheapas go raibh meaisín nó gléas éigin i gceist aige, ach ní raibh! Níl sa dhíreog ach bata adhmad díreach fáiscthe ar thaobh an chíle le eang gearrtha amach i gcomhar an bunchlár agus ag an leithead ceart go mbeidh an taobh díreach ceartingearach agus go foirfe os comhar lár na cíle. D'úsáidfimis an bata seo chun ingearacht an bhéalmhír a amharc.


D'fhéach Leo ar an mbéalmhír agus thug sé treoracha dom an druilire a bhogadh go raibh sí ina líne leis an mbata.

Thógamar ár gcuid ama, agus bhí orainn an bhéalmhír a athrú leath slí tríd (400mm go 600mm), ach ag an deiridh tháinig sí amach go foirfe i lár na cíle. Bhí ríméad orm fé sin; bheimis i bponc má tháinig sí amach ag taobh na cíle.



Dheineamar uimhir a hocht ar dtús agus d'éirigh go maith linn; mar sin leanamar ar aghaidh le uimhir a trí. Bhí fráma a trí i ngar le bolta tríd an cnaí tosaigh agus de deascadh sin bhí orainn an ceann seo a ghearradh ceartingearach sa treo trasnach ach ag díriú siar beagáinín sa treo fad loinge.


D'éirigh linn arís agus leanamar ar aghaidh le uimhreacha a 5, 12 agus 16. Ní bheimid ábalta na boltaí a chuir isteach i 5 agus 16 toisc go bhfuil siad díreach os cionn na smutáin fén chíle. Chuireamar scriú isteach sa dá cheann sin chun iad a choimeád san áit ceart ar feadh tamall.

An chéad chéim eile na dalláin a dhéanamh agus iad a chuir isteach i mbun na poill. Úsáidtear iad siúd chun an bhéalmhír láir a suí i gceart-lár na poill le go mbeimid in ann cinn na boltaí a bhá isteach sa chíle.










Bhí na poill beagáinín ró-scaoilte i gcomhar seaftaí na boltaí, mar sin bhí orainn Sikaflex a chuir orthu le bheith cinnte go mbeidís uisce-obach. Chomh maith le sin chuirtear cúpla chasadh chadás timpeall an seafta in aice an ceann sara fáisceadh an cnó.




Uimhir a hocht déanta.

Ag féachaint tríd an bpoll i uimhir a 12.
Dhein Leo an poll leacaire i gcomhar uimhir a 12.



An bolta clúdaithe le Sikaflex ag dul isteach sa pholl.

An chéad jab eile ná an treoir-pholl a ghearradh i gcomhar an feadán seafta. Caithfidh mé a rá ag an bpointe seo ná fuil sé in intinn agam inneall istigh a chuir sa bhád. Tá súil agam go mbeidh mé ceart go leor leis na seolta, na maidí rámha agus inneall trasnán (ó am go chéile). Ach ó eagla go heagla go mbeidh orm inneall istigh a shuiteáil sa todhchaí beidh sé i bhfad níos éasca dá mbeadh feadán seafta ann cheanna féin.

Thomhaiseamar an Fionn arís chun airde agus fána na seafta a fháil, ansin shocraíomar dhá chaolach mar dhíreog i gcomhar an bhéalmhír.



Leo ag amharc an bhéalmhír ar na díreoga.






Seo an treoir-pholl gearrtha amach. Ní féidir solas a fheiscint tríd toisc go raibh Liam ag féachaint isteach ón dtaobh eile nuair a ghlac mé an fótagraf!


An chéad rud eile le déanamh ná dump nó pionna a chuir tríd an post deiridh agus an cnaí deiridh. Ní fheadar an bhfuil fíor focal Gaelainne i gcomhar 'dump', ach is sórt leagan nua-aimseartha de dual nó treenail iad. An rud atá i gceist ná pionna cruach a thiomáint isteach i bpoll chúng chun dhá phíosa a ghreamaigh le chéile.




Leo ag gearradh an pionna ag an fad ceart. Barra leath-orlach (12.7mm) atá ann ag dul isteach i bpoll 12mm ar leithead.


An pionna ag dul isteach.
An pionna beagnach an slí ar fad istigh. Úsáidtear pritil chun é a bhá timpeall orlach ón ndromchla an post.




Sin é arís leis an saor-bádóireacht  go dtí uair éigin tar éis na Nollag.

No comments:

Post a Comment