10 November 2015

10/11/2015 - Ag seasadh frámaí agus an trasnán suas.

Bhí an aimsir go hainís inniu ach bhíos agus Fachtna ceart go leor istigh sa bhothán saoir.

An chéad rud ar maidin ná na beibhil a chríochnú ar bhun uimhir a 3, a 12 agus a 16.


 Ansin sheasamar suas iad agus d'fheistíomar ar an mbunchlár iad. Níl siad ach fáiscthe in ionad le teanntáin ag an am seo.

 Anois an trasnán. Ar dtús beagáinín greanáil leis an gcriosghreanóir.

 Sea Fachtna ag gearradh píosa beag den post deiridh chun spás a dhéanamh le haghaidh an trasnán.
Tá an deilbh den rabóid le feiscint ar thaobh an post sa fótagraif seo.
 Bhí an-chuid ama caite ag cuir an trasnán suas sa spota ceart. Cheapamar ar dtús go raibh an trasnán feistithe i gceart agus cearnógach ach nuair a chroch Fachtna puntán den lárlíne níor shocraigh sé díreach os cionn lár an chíle. Thóg sé an-chuid fiosrúcháin le fáil amach cad a bhí ag carr. Bhí cor beag sa phíosa den chíle atá ag giobadh amach ar chúl agus bhí barrchaolú sa phost agus mar sin ní raibh an lárlíne ceart ann. Ag an deiridh chuireamar caoi ar...beag nó mór.

 Bhí orm an clós a fhágáil go luath inniu ach bhí formhór an obair an lae déanta faoi sin. Bhí Fachtna chun roinnt gearradh amach ag an naprún a dhéanamh i gcomhar na caolaigh. Tá súil agam go feisteoimid na caolaigh amárach.



No comments:

Post a Comment