27 November 2015

Éad!

Bhuel! Agus mé ag dul tríd Facebook inniu, cad a chonac ach an fótagraf seo thíos ó Kevin O'Farrell. Cad atá ann ach Fachtna ag gearradh amach an rabóid deiridh ar mo bhádsa - agus mé as láthair!
Bhuel, tá sé deacair liom cuir síos a dhéanamh ar na mothúcháin a bhí ag dul tríom ag an am san. Bhí sé cosúil le féachaint ar duine éigin ag sárú mo bhean, nó m'iníon b'fhéidir. Fearg, díomá agus ag an deiridh - éad.

Déanta na fírinne, dúirt Liam liom nuair a bhíos ag fágáil an bádchlós an Máirt seo chaite, go raibh sé chun Fachtna a ordú an rabóid deiridh a dhéanamh ar thaobh amháin, agus gur féidir liom an taobh eile a dhéanamh nuair a tiochfad abhaile. Ní rabhas sásta leis, agus dúras amhlaidh, ach chuir sé ina luí orm go mbeadh sé mar an slí is fearr chun cinn, nó ar a laghad sheas sé a fhód agus bhí sé chun é a dhéanamh pé scéalé
Is cuma - nuair a chonac an fótagraf sin, bhíos mímheanmnach agus croí-briste ar fad.

1 comment:

  1. Bhuel, nach mise an t-amadán! Is cosúil gur bhualadh bob orm. Ní raibh tada déanta leis an rabóid i mo dhíláthair. Ná fuil fíor acmhainn grinn iontach ag Kevin agus Fachtna ;-)

    ReplyDelete