30 June 2015

29/06/2015 Ag feistiú an naprún, an post, an cnaí deiridh agus an bunchlár.



Fachtna ag feistiú an naprún.

D'fheistíomar dhá chluais don post le go mbeadh in ann an tionúr a bhrú isteach go daingean. Chuaigh sé isteach go héasca an uair seo mar gheall ar an Sikaflex ag obair mar bhealadh agus é fliuch. Ansin bhualamair ding isteach san eang chun an méid go léir a choimeád deas teann.



An chuid breise bainte den ding leis an siséal.

An chéad jab eile ná an cnaí deiridh a fheistiú leis an bpost. Anseo bhíos ag iarraidh é a cheirfáil, ach theip orm. Mhol Fachtna dom é a phlánáil arís leis an bplánóir leictreach toisc go raibh sé ró-míchothrom. Sin a dheinas agus d'fheistigh siad in aghaidh a chéile go deas ina dhiaidh sin.



Agus mise ag feistiú an cnaí, lean Fachtna ar aghaidh leis an bunchlár (nó hog sa Bhéarla) a ghearradh amach.
Tá an fad idir an cnaí tosaigh agus an cnaí deiridh níos lú na 16 troigh anois, agus tá cúpla clár darach níos faide ná sin agam go fóill. Mar sin do bhí sé ábalta an bunchlár a dhéanamh as píosa adhmaid amháin.




An cnaí greamaithe le Sikaflex agus crampaí. Níorbh boltaí oiriúnach againn chun é a chríochnú.

Ag feistiú an bunchlár ar bharr an chíle.


Ag triail as deilbh de na maidí urláir (easna íochtair) ar an mbunchlár.

An bunchlár feistithe agus greamaithe le tairní (agus Sikaflex dar ndóigh!).


Roinnt tairní báid.





No comments:

Post a Comment