22 June 2015

22/06/2015 Ag dul chun cinn leis an scarbhalt

Ar ais ag an mbád clós arís agus ar deiridh do bhí spás dom rudaí a leagan amach. Ar dtús bhí orm an áit a ghlanadh amach, dar ndóigh!


Ag an deiridh, mo spás féinig.


Sin déanta do bhí sé in am féachaint ar an gcíle arís agus an dá chuid a chuir le chéile. Do bhí Fachtna O'Sullivan, an saor báid is seanchríonna san áit ag cabhrú liom an uair seo, mar sin bhíos ag súil go mbeadh a lán dul chun cinn againn.
Agus in Éireann tógann muid báid air cheaigeanna!
D'ordaigh Fachtna dom na píosaí a chuir amach ar ceaigeanna le go mbeidís cothrom agus ansin scrúdaigh sé go díon iad. Dar leis bhí siad camtha agus lúbtha ar fad agus go mbeadh an-chuid saothar ag teastáil chun an cíle a dhéanamh díreach.

Phlánáil sé taobh amháin sara chuireamar le chéile iad. Ní mo ná sásta a bhí Fachtna leis an dá píosa iorócó a dhíol Ted O'Driscoll dom, agus bhí orainn an críoch is fearr a roghnú, nó b'fhéidir an críoch is measa a dhiúltú. Mar sin bhí orainn fáil amach cé chomh fada go mbeadh an cíle. Níor chuimhin le Fachtna óna cinn eile agus ní raibh ceann eile ar fáil a thuilleadh chun é a thomhas. Scrúdaíomar an bonnchló na línte tógála agus chinneamar go mbeadh sí timpeall 20 troigh ar fad.
Tá na cláir don cíle camtha ar fad :(

Ba mhaith ar rud go raibh an linesplan agam.

Anois bhí sé in am an scarbhalt a chóiriú i gceart. Bhí Fachtna sásta leis an dá aghaidh fada ach bhí roinnt le déanamh ar an dá aghaidh beaga. Chlampamar le chéile iad agus bhualas ar chríoch amháin le máilléad chun iad a bhrú le chéile go docht. Ansin thaispeáin Fachtna dom teicníocht nó ceardaíocht darbh ainm 'ceirfeacht'. Gearrfar an craic idir an dá phíosa le sábh agus ansin brúfar le chéile arís iad. Déantar é sin arís agus arís eile go mbeidh an dá píosa in aghaidh a chéile go foirfe.

Ag ceirfáil an scarbhalt



An chéad jab eile ná an áit a rachaidh na boltaí a roghnú. Bhí sé tábhachtach nach mbeidís in san áit a rachaidh na easnacha níos déanaí.

https://www.facebook.com/KevinOFarrellPhotographer

Ag iarraidh fáil amach cá beidh na frámaí ag dul.


An chéad poll gearrtha.

Ag féachaint ar aghaidh ar an obair amárach.

No comments:

Post a Comment