23 June 2015

23/06/2015 Boltáil an scarbhalt. Cóiriú an cnaí tosaigh agus an stuimine agus iad á bholtáil le chéile

An chéad jab ar maidin ná an scarbhalt a chríochnú, faoi dheiridh. Fuair Fachtna roinnt boltaí cóiste chré-umha áit éigin timpeall an clós agus roinnt séaltán áit éigin eile. Chuireamar le chéile iad agus b'in an deiridh leis an jab sin.






Sin déanta chasamar chuig an chéad rud eile agus b'in an cnaí tosaigh agus an stuimine a bholtáil le chéile.
Ag marcáil an lárlíne ar an stuimine.

Ní raibh an stuimine ná an cnaí sách cearnógach (tar éis mo chuid plánáil go léir) mar sin ghearr Fachtna arís iad.


Ag feistiú i bhfearas ceart go leor anois.



Seo an nós deas simplí atá ag Fachtna na píosaí a chuir le chéile go tapaigh arís agus arís eile agus é ag feistiú le chéile iad.



Trí bholta chré-umha agus roinn beag eile séaltán ní ba dhéanaí agus do bhí an ceann oibre sin déanta chomh maith.

Agus amárach....an trasnán.




No comments:

Post a Comment