25 June 2015

25/06/2015 Cíle leagtha agus an stuimine fadaithe


Rud tábhachtach le déanamh inniu - an chíle a leagan. Na rudaí is tábhachtaí ná í a leagan díreach agus ag an gclaon ceart.
Mar a dúras cheanna, bhí an chíle seo camtha go leor agus bhí an-chuid obair le déanamh í a éigniú ceart. Chuireamar bloic ar an talamh agus phlánálamar ag an gclaon ceart iad. Nuair a bhíodar in san áit ceart thornálamar  den talamh iad. Ansin dhein Fachtna roinnt cnaíocha le dhul orthu.


Ansin shíneamar píosa sreang ar fad an cíle, chomh teann agus ab fhéidir. Ansin ghearr Fachtna trí phíosa de bhata adhmaid cothrom agus sháigh sé ceann amháin isteach ag gach críoch. D'úsáid sé an tríú cheann an bearna idir an sreang agus an chíle a thomhas. Má bhí an bearna ní ba chaoile ná an píosa bata bhí an chíle ag casadh ar dheis, ní ba leithne agus bhí shí ag casadh ar chlé. Mar a tharla bhí sí ag casadh ar chlé agus ar dheis agus gach treo eile!


Chuireamar na cnaíocha isteach ceann ina dhiaidh a chéile, ag díriú mar a chuamair. Ach níorbh sé sín sách maith, nuair a dhíríomar cuid amháin dí, chasadh cuid eile. Mar sin, dheineamar roinnt teanntóige chun na codanna eile a thacú.
Ag an deiridh bhí sí díreach go leor, seachas lúbadh beag amháin gar leis an deireadh.


An chéad jab eile ná an cnaí tosaigh agus an stuimine a bholtáil leis an gcíle.

Na poill fada déanta, tá Fachtna ag gearradh poill móra ag an mbun chun cinn na boltaí a bhádh isteach sa chíle.





Réidh leis na boltaí anois, cuirfimid isteach amárach iad.



No comments:

Post a Comment