25 June 2015

24-06-2015 An trasnán a chuir le chéile, An Fionn a thomhas agus tuileadh obair ar an gcíle.

An radharc ar maidin. Buíochas as an fótagraif deas ó Kevin O'Farrell
An príomh jab le déanamh inniu ná an trasnán a chuir le chéile. Do bhí an-chuid obair déanta agam air roimh ré ach ag an am ní rabhas sásta conas a bhí na trí phíosa ag freagairt dá chéile. Bhí uirlisí maol agam ag an am agus ní rabhas ró-chleachtadh lena n-úsáid.
Triail mé arís astu, agus dhéinas roinnt dul chun cinn leo, ach fós mhol Fachtna eitre a ghearradh amach as gach aghaidh agus iad a líonadh leis an séaltán Sikaflex, cosúil le splíon nó tionúr.

Bheadh bioráin ag dul isteach freisin agus bheadh ar Fachtna na poill a ghearradh amach dóibh.  Thairneáil sé an píosa beag adhmad seo in aice an líne le n-úsáid mar threoir i gcomhar an druilire agus é ag déanamh an poll.





Fachtna ag déanamh an poll agus ag adharc ais amháin agus Liam ag adharc an ais eile.
Ag úsáid an cuasphlána chun clais nó eitre a ghearradh. © Kevin O'Farrell





An eitre agus poll ag dul tríd le feiscint in aghaidh amháin.

Fuairamair biorán chré-umha áit éigin timpeall an clós. Ábhair den scoth i gcomhar tógála báid!


Ceann eile ó Kevin. Fachtna ag adharc ar a chuid oibre.


 


Mharcálamar amach na háiteanna ina raibh na bioráin. Níos déanaí beidh orainn poill a ghearradh tríd an trasnán i gcomhar an sceithphíopa agus eile, agus níor mhaith linn bualadh leis na bioráin.




Réidh leis an Sikaflex.
© Kevin O'Farrell

Agus sin é. Ní mór dúinn fanacht anois.
© Kevin O'Farrell
Ina dhiaidh sin thanaigh Paddy Hegarty aneas ó Dún na Séad sa Fionn. D'ardaigh Liam amach as an uisce í leis an gcraein agus shocraíomar ar thalamh tirim í. Ní raibh Fachtna sásta leis na miosúir sa leabhar beag dubh agus ba mhaith leis iad a fháil díreach ón Fionn. Chomh maith le sin, bhí an sean-deilbh don post fós ar iarraidh agus ní raibh éinne sásta leis an ceann a dhéinamair roimh ré/

© Kevin O'Farrell
© Kevin O'Farrell

Sin déanta bhí sé in am an cruth ceart a chuir ar an gcíle. Bhí gach duine ar aon tuairim go raibh an cíle ró-dhomhain ar aon nós. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil siad ag rá é sin liom ag an bpointe seo. Cheannaigh mé cláir adhmaid ag an táille mar a deirtear liom, bhí na mílte deiseanna againn iad a phlánáil nó gearradh síos roimh iad a bholtáil, ach anois tá sé ródhéanach!
D'fhiafraigh siad díom cén cruth a bhí ag teastáil uaim ar an bun baill tosaigh (graidhp) agus tar éis nóiméad ag criothnú shocraigh mé air agus ghearr Fachtna amach é.













© Kevin O'Farrell














No comments:

Post a Comment