03 April 2017

03/04/2017 - Lá bambach.

Chomhairligh Liam dom deilbh a dhéanamh le haghaidh an chuid tosaigh den stráca seo freisin. Uaireanta, leis an casadh atá ann sna strácaí seo, ní féidir leat braith go hiomlán ar na beibhil - agus muna thugis fé ndeara fós, mar nós an cat mara, más féidir liom dul amú, raghad amú!



Bhí difríocht beag ann.

Agus ansin na beibhil.

Chabhraigh Liam liom an plainc a fheistiú. Roimh ré bhí sé ag rá go gcaithfimid an ceann seo a ghalú, ach nuair a d'fhéach sé air cheap sé gurb fhéidir linn é a dhéanamh go mall faichilleach gan an gal.
Dheineamar ah chéad píosa agus mhol sé é a fhágáil ann ar feadh tamall sara dhéanfainn an chuid eile.
Mar sin, leanas ar aghaidh leis an spiling ar an chuid deiridh.

Ina dhiaidh sin bhí níos mó cruthú le déanamh ar an stráca íochtair.





Agus ansin dheineas an chuid eile den stráca eile.
Ach bhí sé indéanta na cranraí go léir a sheachaint.


Agus mé ag obair ar na píosaí siúd, ó am go chéile bhíos ag teanntú na crampaí ar an bplanc a bhíomair ag lúbadh. De réir a chéile, tháinig sé isteach in aice na frámaí. Maith go leor, ach nuair a bhí sé ag druidim leo, thugas fé ndeara go raibh a spiling i bhfad as ceart. Ní raibh cruth an phlainc ceart agus ní raibh sé ag suí isteach in aice an ceann os a cionn.
Níl fhios agam cár chuas ar strae, ach bhí an chuid feistiú le déanamh agam. Bhí sin sách deacair a dhéanamh agus an planc fós teanntaithe ar an mbád, ach níos tábhachtaí ná sin, athraíonn sé cruth an stráca críochnaithe.



Tar éis an-chuid obair chuaigh sé isteach ceart go leor, ach bhí díomá agus fearg orm gur chaith mé an méid sin ama (agus saothar) amú mar gheall ar mo chuid neamhchúram.

D'fhág mé mar sin é thar oíche. Tairneálfaidh mé amárach é.





No comments:

Post a Comment