04 April 2017

04/04/2017 - Lá ainis.

Bhíos ag súil go raibh an sínte amach go maith thar oíche, mar sin d'ullmhaíos le haghaidh an tairneáil.


Ach tar éis an chéad tairne, féach ceard a tharla.

Chuas díreach go dtí Liam agus chomhairligh sé an craic a líonadh le eapocsach, tacaigh le crampaí é agus lean ar aghaidh. Rudaí a rinne mé.

Ach tar éis cúpla thairne eile tháinig craic eile, ceann i bhfad ní ba mheasa agus gan réiteach.
Ní raibh rogha eile ann seachas é a bhriseadh ina iomlán.
Bhíos ag smaoineamh gurb cheart dúinn an ceann seo a ghalú ón tús ach anois mhol Liam dom an stráca a dhéanamh i dtrí phíosa, agus an cuid sa lár as an bpíosa seo a shábháil. Bhíos féin beagáinín amhrasach, ach ghlacas a chomhairle.
An píosa tosaigh a athdhéanamh. Bhíos thar a bheith cúramach leis an spiling an uair seo, agus d'aithin mé cár chuas ar strae inné. Bhí an slat spadhlála ró-chaol agus ró-solúbtha. Nuair a bhíos ag cuir an slat sin in aice na frámaí bhí sé ag camadh beagáinín agus tháinig an díchumadh sin amach sa phlanc críochnaithe.
D'athraíos slat agus leanas ar aghaidh.

Méara trasna, beidh sé ceart go leor an uair seo...
...ach arís díomá.
Bhí beagán eapocsach breise agam (leath cruaite) agus bhrúas isteach sa craic é agus leanas ar aghaidh.

Leanas ar aghaidh leis na píosaí eile, ach bhí an croí imithe asam inniu.


No comments:

Post a Comment