08 April 2017

07/04/2017 - Frustrachas leis an stráca íochtair.

An chéad rud ar maidin ná gur tháinig Liam isteach chun cabhrú liom an stráca íochtair a ofráil suas le fáil amach an raibh nó nach raibh sé ceart.

Do bhí orainn a bheith rí-churamach leis, ionas nach mbrisfimid é trí thimpiste. Bhíos féin ag an gcríoch dúr den bplanc agus ní rabhamar ábalta é a chuir isteach i bhfad, ach bhí sé soiléir do Liam go raibh rud éigin mí-cheart.

Chonaic sé go raibh cruth mí-cheart in áiteanna ach níba mheasa ná sin, chuireas an beibheal ar an bplanc droim ar ais.
Mhol sé an deilbh a chuir suas arís, aon míchruinneas a dheisiú, bun an stráice a ghearradh arís agus na beibhil a dhéanamh i gceart.

Ag sheasadh siar tá cuma maith go leor uirthi, ach le mion-iniúchadh tá bearnaí le feiscint. Caithfidh sé a bheith foirfe, dar le Liam.

Tar éis roinnt deisiúcháin ar an deilbh, mharcáil mé an stráca arís agus bhaineas leadhb de leis an sábh ciorclach agus an preabshábh.

Ach thugas fé deara go tapaigh nuair a thosnaíos ag cuir an beibheal air gur ghearras ró-ghar leis an líne leis an bpreabshábh. Níorbh fhéidir liom an beibhil a dhéanamh i gceart ag an bpointe gan dul thar an líne. Bhíos i bponc. Téigh thar an líne (a chuireas ann chomh cúramach sin) nó cuir an beibheal mícheart ann. Ag an deiridh dheineas comhghéilleadh agus rinne mé an dá rud!

Ina dhiaidh sin, go mall, faichilleach, chomh fada agus ab fhéidir liom, chuireas an planc suas chuig an rabóid ag iarraidh fáil amach conas a bhí ag éirí liom.
Tá sé deacair a bheith cinnte, ach níl an chuma ró-mhaith ar an scéal. Gheobhfad amach amárach é, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile.

No comments:

Post a Comment