10 April 2017

10/04/2017 - Gal fé dheiridh

Ar bhfaca tú riamh an scannán Clerks? Bíonn an príomh charachtar i gcónaí ag rá "I'm not even supposed to be here today!". Bhuel, bhí sé cosúil leis sin liomsa inniu.
Tá ná páistí abhaile ón scoil agus táimse am imeacht ag obair arís amárach. Ba cóir 'is ba cheart dom a bheith sa bhaile leothu siúd ar an lá seo, ach níorbh féidir liom an stráca íochtair sin a fhágáil nach mór déanta agus mé ag imeacht amárach.
Ar dtús ghearras suas roinnt gearrthóga agus ansin chuas ag scroblachóireacht mór thimpeall an clós ag lorg conamar adhmaid. I ndáiríre, chaitheas an chuid ba mhó den lá ag déanamh é sin.

Agus mé ag déanamh é sin bhí an pota gaile á líne le uisce as píobán gairdín. Nuair a bhí sé lán las mé tine ag a mbun.


Thóg sé an-chuid ama an méid uisce sin a bheiriú, ach ag an deiridh bhí gal ag teacht amach agus isteach leis an bplanc.
Clúdach thar an béal.




Agus é sin á ghalú, thaispeáin Liam dom conas na lumberholes a ghearradh.





Ag teacht ar dhá uair a chloig thógamar an planc amach agus ritheamar síos go dtí an bothán. Thar a bheith faichilleach, chuireamar (Liam den chuid ba mhó) isteach é agus chasamar é mar a bhí ag teastáil.
D'úsáid Liam cúpla cleas nach raibh ar eolas agam leis na crampaí agus maidí adhmad agus dingeacha chun an clár a fháisc isteach i gceart.


Níl sé feistithe go foirfe, agus tá cuid maith obair fós le déanamh ann, ach fágfaimid mar sin é go tiocfaidh mé abhaile i gceann ceithre sheachtain.





Gan a bheith sásta leis an méid dul chun cinn sin, chaitheamar an píosa eile isteach freisin. Bhí a fhios agam go raibh an-chuid obair le déanamh fós air, ach bhí sceitimíní orm anois!

Uair a chloig go leith an ceann seo.




Agus hup, tá sé ann. Ró-thiubh, gan a bheith feistithe i gceart, ach beidh sé breá socair ann go dtí mí Bealtaine!



No comments:

Post a Comment