06 April 2017

06/04/2017 - Dul chun cinn.

Tar éis an lá uafásach inné, bhíos ag súil go mbeadh cúrsaí níos fearr inniu, agus bhí.

An chéad rud lé déanamh ná an chéad píosa tosaigh den stráca a chríochnú. Bhíos ag séitéaracht beagáinín ag baint úsáid as seac le cabhrú liom an planc a fháscadh suas ina áit ceart. Ní raibh Liam ró thógtha leis ach cén dochar aicearra a ghearradh ó am go chéile?



Bhí eagla orm an clár a thógaint anuas chun an bun a ghearradh, dá bhrí sin ghearras ina áit é. Ar dtús leis an sábh tionúir, agus an méid deireanach le siséal.



Ansin leagas aníos an tarna chuid den stráca agus mharcáil mé an bun air.

Agus an beibheal.
Ag dul isteach ina áit go deas.
Le beagán cabhair ón seac.
Ceart go leor.

Bhí an tríú phíosa sórt casta. Níorbh mór de a bheith cuasach ar dtús, cothrom sa lár agus dronnach ag an deiridh.

Agus mé ag obair ar sin, tháinig Liam isteach ag seiceáil suas orm. Thapaíos an deis mo riachtanais le haghaidh adhmad a phlé leis.
Ní rabhas ábalta fós adhmad oiriúnach a aimsiú i gcomhar an crann. Is féidir crann a leagant i gCill Airne ach bheadh sé thar a bheith costasach é a iompair go dtí an Sciobairín.
Mhol Liam go mbeadh crann lannach mar rogha i bhfad níos saoire. B'fhéidir liom ceithre chlár déil dhearg, 16 troigh fé 6 orlach fé 3 orlach, a cheannach go háitiúil agus iad a ghliúáil le chéile le eapocsach agus an crann a dhéanamh as an toradh.

Agus maidir le maidí rámha, mhol sé bataí 3 orlach fé 3 orlach nó 3.5 fé 3.5 a fháil. Bheadh an lonna chomh tiubh sin agus bheadh an bos chomh leathan leis an tomhas trasnánach. Dar le mo shean-chara Pythagoras, an ciall atá leis sin ná:

x² + y² = z²
3² + 3² = 18
z = 4.24".
I mo thuaraim féin bheadh an bos sin ró-chaol.

3.5² + 3.5² = 24.5
z = 4.95".

Beagnach ann, ach ní bheadh aon ábhar breise chun mé fhéin a shábháil i ndiaidh mo ghnáth botúin. Ach...

3.625² + 3.625² = 26.28
z = 5.13".

Beidh sé sin maith go leor ceapaim.
Ach nílim cinnte cé chomh fada go mbeidís. Caithfidh mé smaoineamh ar sin.


Tar éis an cur isteach sin leanas ar aghaidh ag críochnú an stráca seo.
Ní raibh an spiling ró-dhona, ach bhí beagán obair fós le déanamh.


Réidh le tairneáil.
Déanta.

Níl sé chomh soiléir as na fótagraif seo, ach mar gheall ar an méid feistiú a bhí lé déanamh ar lár an stráice seo, tá cruth an-aisteach air. Tá sé ró-chaol i lár an bháid agus dá bhrí sin caithfidh an chéad ceann síos eile bheith níos leithne ná is gnáthach san áit sin. Beidh an stráca sin sách leathan pé scéal é, agus is é an "shutter plank" é chomh maith. Tá súil agam nach mbeidh sé ró-leathan ar fad ar fad.


No comments:

Post a Comment