02 November 2017

01/11/2017 - Puití

Thosnaíos leis an bpuití go díreach ar maidin.
Ar an taobh eile, nuair a bhí an puití beagáinín cruadh, mheascas braon ola róis isteach léi, ach thóg sé an-chuid ama éirí cruadh ina dhiaidh sin. An uair seo, mheascas braon de ola róis beirthe léi. Tá súil agam nach mbeidh aon fhadhb an uair seo toisc go cruann ola róis beirthe go nádúrtha.






Leanas ar aghaidh mar ba gnáthach, ach nuair a bhaineas an cnaí deiridh amach thugas fé deara go gcaithfead é a choiriú ar dtús.
Thosnaíos leis an locar leictreach, ach sara i bhfad bhíos ar ais le mo shean-chara an bloc-phlána.


Agus féach, scriú eile i bhfolach istigh ann.


Tá sin níos fearr.

Agus ag an deiridh, críochnaithe leis an bpuití.



Ina dhiaidh sin chinneas an méid céanna a dhéanamh ar an taobh eile.


Agus scriú eile báite ins an taobh eile.




Sin dul chun cinn le feiscint leis an lae, ar aon nós.


No comments:

Post a Comment