09 November 2017

09/11/2017 - An feadán feistithe, an trasnán corcáilte agus an post deiridh tosnaithe.

Do bhí an-chuid dul chun cinn inniu.

An chéad rud ná suiteáil an feadán, ag an deiridh.
D'ordaigh Liam dhá pholl 10mm, a tholladh isteach go dtí toll an feadán, ceann taobh amuigh sa phost agus ceann eile laistigh sa cnaí deiridh. Níos déanaí beimid ag cuir sram isteach iontu, ach ní inniu.
Ansin, shleamhnaigh mé an feadán isteach ón taobh amuigh agus theann mé na scriúnna.
Chas Liam an mír tosaigh ar an bhfeadán agus theann sé í le rinse Stillson mhór. Ansin chuireas na scriúnna ann ar an taobh istigh agus bhí sé déanta.


Sin déanta, thosnaíos ag ullmhú an trasnán chun an tarna píosa den post deiridh a ghlacadh. An chéad rud ná na píosaí deireanacha na slat bhoird a fheistiú.



Ansin do bhí an trasnán le corcáil. Bhí orm iarann caol agus beag a fháil ar iasacht ó John leis an jab seo. Chomh maith le sin d'úsáideas scríobaire caol tanaí le cabhrú an cadás a bhrú isteach go domhain sna bearnaí beaga.
Obair an-fhíneálta a bhí ann agus thóg sé an-chuid ama.


Ag an bpointe seo bhí orm na píosaí deireanacha den gunail a ghlanadh suas.



Réidh anois an cadás a ghlacadh.
Críochnaithe. Agus anois an puití.


Tá dhá bhliain caite ag an post ar an urlár sa bhothán agus bhí orm fáil amach an raibh sé fós cearnach agus díreach. Faraor ní raibh sé. Tuilleadh obair le déanamh air.
Ach ar dtús, an chíle le ghearradh siar.




Agus anois, ag obair arís ar an bpost, tá sé ar nós Groundhog Day!



No comments:

Post a Comment