07 November 2017

07/11/2017 - Cóiriú agus cosa.

Tar éis an corcáil bhí roinnt cadás ag gobadh isteach sa tollán le haghaidh an seafta. Thógas an feadán seafta liom inniu le fáil amach an mbeadh aon fhadhb leis.
Ar dtús ghlanas amach chomh maith agus ab fhéidir liom le lann Stanley greamaithe le slat caol, ansin shleamhnaigh mé an feadán isteach. Chuaigh sé isteach gan fadhb ar bith, seachas an mír-deiridh, bhí sin beagán daingean, ach níor bhain sin leis an gcadás.




Anois, tá sé in am spás a dhéanamh le haghaidh an lián.
Scríobh Liam an líne dearg sin cúpla mhí ó shin, go tapaigh, de lámh; ach nuair a chuireas dealbh an rabóid in aice leis ina dhiaidh sin bhí an líne díreach mar a chéile.







Sásta le sin, leanas ar aghaidh go dtí an stuimine.
Ní raibh sé chomh deacair is ar eagal liom.


Tá Liam á lorg bairillí agus bhí 3 cinn fé mo bhád. D'ordaigh sé liom inné na cosa a dhéanamh. Mar sin cheannaíos clár mhór déil bhán i mBarry's lena dhéanamh.

Fuaireas an dealbh de fráma 11 chun cabhrú liom dealbh na cosa a dhéanamh.

Níl sé traidisiúnta, ach mhol Liam na cosa a bholtáil tríd an bhfráma. Beidh sin oiriúnach um an dtaca seo, ach déarfainn go ndéanfainn cinn traidisiúnta níos déanaí.



Ba é sin ag an gclós inniu, ach nuair a chuas abhaile dheineas cúpla dhallán.



No comments:

Post a Comment