13 November 2017

13/11/2017 - An post deiridh istigh

Ba mhaith an rud é nár shuiteáil mé an post inné, nuair a d'fhéach Liam air ní raibh sé sásta leis ar scor ar bith. Cruth mí-cheart nó gan a bheith cearnach, nó rud éigin eile. Nílim cinnte. Is cuma, threoraigh sé dom cuid maith ábhair a bhaint ó thaobh amháin agus triail arís as.

Níl mé féin cinnte, ach bhí seisean sách sásta leis anois.

Agus mé ag fanacht leis, chaitheas roinnt ama ag greanáil laistigh.






Nuair a tháinig Liam ar ais, chinneamair go mbeadh sé níos fearr an trasnán a ghearradh roimh an post a shuiteáil.
Ansin thugas fé deara go raibh rud éigin mí-chruthach nó éagothrom leis na línte lagbhoird.
Má chuireas líne díreach idir an ngunail clébhoird agus an ghunail deasbhoird, ní bheadh an líne cearnach le líne an post.
Má chuireas líne trasna an trasnán, cearnach leis an bpost, bheadh sé os cionn an ghunail clébhoird agus laistíos den ghunail dheasbhoird.
Tar éis féachaint air tamall, i gcaíonna éagsúla, chinneas é a dhéanamh cearnach leis an bpost. Beinn ábalta rud a dhéanamh leis ar ball chun snas ceart a chuir air.

Gearr tapaigh amháin leis an sábh ciorclach (le beibheal ann) agus b'in é.
Tá súil agam go mbeidh an cuma ceart air ag an deiridh.

Ansin bhíos ábalta an post a shuiteáil, ach bhí sé ag éirí déanach agus bhíos fé bhrú ama.
Ar dtús chuireas an Sikaflex ar an bpost agus ansin shleamhnaigh mé an post isteach san alt (chuaigh sé isteach go héasca an uair seo leis an Sikaflex mar bhealadh).
Crampa amháin ag an mbarr agus bhíos réidh leis na poill a tharathraigh agus na boltaí a chuir ann. Bhí orm na boltaí a fháscadh go teann sara chruaigh an Sikaflex
Bhí sé an-deacair liom an poll is faide a tholladh le mo dhruilire bataire, ach fén am sin bhí an clós dúnta agus ní raibh ceann eile ar fáil.
Bhíos fíor fé bhrú anois agus mé ag ceapadh go mbrisfinn mo dhruilire agus gan a bheith ábalta ná poill a ghearradh agus na boltaí a chuir.
Tar éis an-iarracht agus roinnt dul chun cinn, stop an druilire go tobann agus tar éis tamall thugas fé deara nach raibh an tarathar (béalmhír) ag teach amach in san áit a rabhas ag súil! Bhí sé tar éis dul tríd an bpost amuigh, tríd an dtrasnán, tríd an bpost istigh agus anois bhí sé ag iarraidh dul tríd fráma a fiche!

Ní dóigh liom go raibh sé ábalta dul ar aghaidh níos mó, ach níor dhein sé aon difríocht, ní bheadh mo bholta is faide sách fada dul an slí sin ar fad. Ba mhaith an rud é gur thógas an bara cruach chuig an clós ar maidin agus bhíos ábalta dump a dhéanamh go tapaigh.
B'fhearr liom bolta a úsáid, déarfainn go mbeinn ábalta é a fháscadh níos daingne ná an dump, nó pionna cruach.
Ach ag deiridh an saol, pionna fada a bhí ann agus thóg sé an-iarracht é a bhualadh isteach. Ag an deiridh bhí ceann cosúil le tairne air agus ceapaim go bhfuil sé ag déanamh jab maith an post a choinneáil ann.
Tá dhá bholta eile ann freisin. Tá siad níos giorra agus ní raibh am méid dráma céanna bainte leo ag dul isteach.


No comments:

Post a Comment