10 November 2017

10/11/2017 - Ag feistiú an post deiridh

Tá an post deiridh freangtha ar nós muileata, agus caithfead é do dhéanamh cearnach. An chéad céim le sin ná aghaidh amháin a dhéanamh cothrom.

Fad is atá aghaidh amháin cothrom is féidir an bacart a úsáid le fáil amach an bhfuil an taobh eile cearnach agus cén áit le dhul ann leis an locar.




Ina dhiaidh sin do bhí an post díreach agus cearnach, ceart go leor, ach do chonac ansin nach raibh an trasnán mar a chéile. Tuilleadh le déanamh mar sin.



Sásta leis sin, mharcáileas amach le haghaidh alt leathrádail idir an chíle agus an post.
Tá an alt seo in áit an-chiotach agus míchompordach, ach ní foláir de a bheith ceart. Tá sé seo cosúil le fíor siúinéireacht, agus tástáil maith cén méid scileanna atá forbartha agam i rith an tionscadal seo.


Tar éis an siséal, d'úsáideas an céimphlána chun é a ghlanadh amach go deas slachtmhar.
Ar a laghad tá an píosa sin ag dul isteach - anois an taobh eile a mharcáil amach ar an bpost.
Bhí sé ní ba chompordaí ag obair ar an taobh seo den alt.

Beagáinín obair breise leis an bplána agus an siséal agus phrásáil siad isteach ina chéile, le beagán cabhair ó chúpla chrampa.

Bhíos ar bior é a fheistiú anois, ach an Aoine atá ann agus tá saol eile agam lasmuigh den bád chlós agus d'imigh mé abhaile.




No comments:

Post a Comment